Eolas
Gach bliain i mí Mheán Fómhair, tugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-aitheasc ar Staid an Aontais os comhair Pharlaimint na hEorpa. Déantar trácht san aitheasc ar an méid a baineadh amach in imeacht na bliana a chuaigh thart agus leagtar amach tosaíochtaí na chéad bhliana eile.
Ina cheann sin, leagann an tUachtarán amach an dóigh a rachaidh an Coimisiún i ngleic leis na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas Eorpach agus smaointe maidir le todhchaí an Aontais a mhúnlú.
Aithisc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais
An 14 Meán Fómhair 2022, thug Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an t-aitheasc ar Staid an Aontais uaithi den tríú huair.
Anseo thíos, is féidir leat teacht ar na haithisc a tugadh in 2020 agus in 2021.

Staid an Aontais 2022
Na príomhthéamaí: Tacaíocht an Aontais don Úcráin, an ceann is fearr a fháil ar an ngéarchéim fuinnimh, an aeráid, an smacht reachta, an daonlathas, tacaíocht d’fhiontair na hEorpa

Staid an Aontais 2021
Na príomhthéamaí: COVID-19, sláinte dhomhanda, vacsaíniú, Eoraip níos láidre sa domhan, an Gníomh Eorpach um Shliseanna, an tAontas Eorpach um Chosaint, an smacht reachta, agus saoirse na meán

Staid an Aontais 2020
Na príomhthéamaí: Paindéim COVID-19, NextGenerationEU, an tAontas Sláinte Eorpach, an Straitéis Thionsclaíoch, Deacáid Dhigiteach na hEorpa, Bauhaus Eorpach Nua