Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Staid an Aontais 2020

Gach bliain tugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-aitheasc ar Staid an Aontais

An bealach ar aghaidh á leagan amach le haghaidh na bliana atá romhainn

San aitheasc ar Staid an Aontais an 16 Meán Fómhair 2020, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a fís i láthair le haghaidh Eoraip a thagann slán as an ngéarchéim agus í níos láidre ná mar a bhí roimhe agus a thaispeánann an bealach amach i dtreo saol a mbeidh beocht agus beatha ann. Le NextGenerationEU, tá deis aon uaire ag an Eoraip athruithe a dhéanamh trí bhíthin a ndeartha. An fhís, an plean, an infheistíocht – tá siad uile aici. Chun go mbeidh an Eoraip glas, digiteach agus níos athléimní, díreoidh an Coimisiún Eorpach ar na rudaí seo a leanas:

  • beatha agus slite beatha san Eoraip a chosaint, mar aon le sláinte ár saoránach agus cobhsaíocht ár ngeilleagair
  • na bunchodanna den Chomhaontú Glas don Eoraip a threisiú agus ár n-uaillmhianta a ardú
  • an t-aistriú digiteach a stiúradh, go háirithe maidir le sonraí, an teicneolaíocht agus an bonneagar
  • lántairbhe a bhaint as ár margadh aonair
  • leanúint de bheith ag spreagadh na freagartha domhanda agus an domhan ag fanacht ar vacsaín i gcoinne COVID-19 atá inrochtana, inacmhainne agus slán
  • freagairt níos teanntásaí a thabhairt ar imeachtaí domhanda, agus cur go mór lenár gcaidreamh leis na comharsana is gaire atá ag an Aontas agus leis na comhpháirtithe domhanda
  • cur chuige nua a ghlacadh i leith na himirce, a bheith san airdeall ar an smacht reachta agus aontas a thógáil nach mbeidh aon áit ag an gciníochas ná ag an idirdhealú ann
4 LÚNASA 2022
Aitheasc ar Staid An Aontais 2020
Gaeilge
(930.36 KB - PDF)
Íoslódáil
4 LÚNASA 2022
State of the Union 2020 - President von der Leyen's speech, multilingual version
English
(352.62 KB - PDF)
Íoslódáil

Na tionscnaimh a moladh sa Litir Intinne chuig an Uachtarán Sassoli agus an Seansailéir Merkel

An 16 Meán Fómhair freisin chuir Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Litir Intinne chuig David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus chuig an Seansailéir Angela Merkel, ina cáil mar cheannaire ar Uachtaránacht na Comhairle, inar thug sí mionchuntas ar na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh le linn na bliana amach romhainn trí bhíthin reachtaíochta agus tionscnaimh eile.

16 MEÁN FÓMHAIR 2020
Staid an Aontais 2020 – Litir intinne an Uachtaráin von der Leyen
Gaeilge
(661.34 KB - PDF)
Íoslódáil

Coimisiún von der Leyen: bliain tar éis a cheaptha

Bliain ó shin, thug Coimisiún von der Leyen gealltanas don Eoraip:  gheallamar a bheith misniúil dána aon uair a bheadh gá le beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach. Seo a leanas achoimre ar an gcéad bhliain a bhí ag foireann von der Leyen in oifig, agus ar an gcaoi ar chomhlíon siad a gcuid gealltanas.

14 MEÁN FÓMHAIR 2020
Coimisiún von der Leyen: Bliain tar éis a cheaptha
Gaeilge
(3.92 MB - PDF)
Íoslódáil

Doiciméid

24 MEÁN FÓMHAIR 2020
Staid an Aontais 2020 – Litir intinne
Gaeilge
(5.98 MB - PDF)
Íoslódáil
15 MEÁN FÓMHAIR 2020
Staid an Aontais 2020 – Na príomhthionscnaimh
Gaeilge
(623.94 KB - PDF)
Íoslódáil