Staid an Aontais:
na gealltanais a comhlíonadh

In 2022, gheall an tUachtarán von der Leyen go ndéanfadh sí tograí chun slándáil, rathúnas agus folláine shóisialta na hEorpa a chur chun cinn.

An tSlándáil – síocháin na hEorpa a chosaint

Gníomhaire Cabhrach Daonnúla

7.9 milliún Úcránach
a bhain tairbhe as tacaíocht ón Aontas Eorpach agus as tacaíocht dhaonnúil eile idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2023.

Daoine agus iad ag Deonú Éadaí

+ €76 bhilliún
a chuir an tAontas agus na Ballstáit ar fáil chun tacú leis an Úcráin.

Bus agus é ag cabhrú le páistí ón Úcráin dul ar scoil

€100 milliún
a chuir 11 Bhallstát ar fáil chun scoileanna a atógáil agus 300 bus a sholáthar i gcomhair páistí na hÚcráine a thabhairt chun na scoile go sábháilte.

Bean agus í ag tabhairt éadaí agus bréagán do theaghlach dídeanaithe ón Úcráin

An cúigiú cuid de pháistí na hÚcráine, beagnach, a fuair tearmann sábháilte san Aontas.

Bantiarna an Cheartais agus na scálaí ina lámh aici agus bratach na hÚcráine ar a cúl

11 phacáiste smachtbhannaí
i gcoinne na Rúise – agus bac dá réir ar chumas na tíre sin an cogadh a mhaoiniú agus a fhearadh.

Coirbhéad

€1.2 billiún
— an méid a infheistíodh in 2023 ón gCiste Eorpach Cosanta i dtionscadail chun cur lenár slándáil.

Rathúnas — infheistíocht
i dtodhchaí na hEorpa

Fuaireamar ár neamhspleáchas fuinnimh ar ais – in 2023, tiocfaidh níos lú ná 10% dár n-allmhairí gáis iomlán ó phíblínte na Rúise.

Ba mhó leictreachas a táirgeadh ó fhoinsí gaoithe agus gréine in 2022 ná ón ngás.

Tionscnaimh agus dlíthe nua chun dlús a chur leis an gComhaontú Glas don Eoraip, plean chun tionscal an Aontais a dhéanamh aeráidneodrach san áireamh.

€43 bhilliún chun tacú le monaraíocht leathsheoltóirí laistigh den Aontas Eorpach tríd an nGníomh Eorpach um Shliseanna.

Rialacha nua chun úsáideoirí ar líne a chosaint, mionaoisigh san áireamh, tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

A chinntiú go bhfuil margaí digiteacha ann atá cothrom agus oscailte, a bhuí leis an nGníomh um Margaí Digiteacha.

Tuilleadh tacaíochta do mhargadh aonair na hEorpa – in 2023 tá 30 bliain ann ó bunaíodh é.

Is ionann an Margadh Aonair agus:

440 milliún duine
23 mhilliún gnólacht
15% de OTI an domhain mhóir

Bliain Eorpach na Scileanna 2023 – bearta chun tacú le hoibrithe agus le gnólachtaí.

NextGenerationEU
€800 billiún chun ár ngeilleagair san Aontas a nuachóiriú.

Global Gateway
Rinneadh €300 billiún a infheistiú i dtionscadail inbhuanaithe ar fud an domhain – tá 90 tionscadal faoi lán seoil cheana féin.

 

Trádáil
comhaontuithe saorthrádála trádála leis an tSile agus leis an Nua-Shéalainn

comhpháirtíocht eacnamaíoch leis an gCéinia

dul chun cinn leis an Astráil, le Meicsiceo agus MERCOSUR

Rathúnas — infheistíocht
i dtodhchaí na hEorpa

Fuaireamar ár neamhspleáchas fuinnimh ar ais – in 2023, tiocfaidh níos lú ná 10% dár n-allmhairí gáis iomlán ó phíblínte na Rúise.
Ba mhó leictreachas a táirgeadh ó fhoinsí gaoithe agus gréine in 2022 ná ón ngás.

Tionscnaimh agus dlíthe nua chun dlús a chur leis an gComhaontú Glas don Eoraip, plean chun tionscal an Aontais a dhéanamh aeráidneodrach san áireamh.

€43 bhilliún chun tacú le monaraíocht leathsheoltóirí laistigh den Aontas Eorpach tríd an nGníomh Eorpach um Shliseanna.

Rialacha nua chun úsáideoirí ar líne a chosaint, mionaoisigh san áireamh, tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.A chinntiú go bhfuil margaí digiteacha ann atá cothrom agus oscailte, a bhuí leis an nGníomh um Margaí Digiteacha.

Tuilleadh tacaíochta do mhargadh aonair na hEorpa – in 2023 tá 30 bliain ann ó bunaíodh é.

Is ionann an Margadh Aonair agus:

440 milliún duine
23 mhilliún gnólacht
15% de OTI an domhain mhóir

Bliain Eorpach na Scileanna 2023 – chun tacú le hoibrithe agus le gnólachtaí.

NextGenerationEU
€800 billiún chun ár ngeilleagair san Aontas a nuachóiriú.

Global Gateway
Rinneadh €300 billiún a infheistiú i dtionscadail inbhuanaithe ar fud an domhain – tá 90 tionscadal faoi lán seoil cheana féin.

Trádáil

comhaontuithe saorthrádála leis an tSile agus leis an Nua-Shéalainn

comhpháirtíocht eacnamaíoch leis an gCéinia

dul chun cinn leis an Astráil, le Meicsiceo agus MERCOSUR

Pictiúir a léiríonn an méid atá bainte amach.
Sconna gáis ag a bhfuil córas píblíne ag stáisiún gáis nádúrtha.
Innealtóirí iniúchta agus iad ina seasamh ar bharr tuirbín gaoithe.
Seirbhís do Chustaiméirí ag Ionad Tacaíochta Teicniúil.
Radharc anuas ar ghrúpa a bhfuil a lámha leagtha ar a chéile acu, chun comhoibriú agus obair foirne a léiriú.
Míreanna mearaí a léiríonn grúpa daoine atá ag lorg réiteach.
Gort grianphainéal.
Críochfort coimeádán mór gnóthach agus cuan ina bhfuil trádáil idirnáisiúnta ar bun.

An fholláine shóisialta – athléimneacht a chothú

An Frith-éilliú — tograí chun an t-éilliú a chomhrac san Aontas agus ar fud an domhain. Moladh córas nua tiomnaithe smachtbhannaí freisin chun díriú ar ghníomhartha tromchúiseacha éillithe ar fud an domhain.

Comhionannas a chinntiú — tháinig an tAontas Eorpach isteach i gCoinbhinsiún Iostanbúl chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

Gníomhaíochtaí chun cur leis an gcibearshlándáil agus le cosaintí i gcoinne bagairtí hibrideacha ar réimsí ríthábhachtacha, an fuinneamh, an t-iompar agus an bonneagar digiteach mar shampla.

Aontas Sláinte Eorpach – tá an tAontas Eorpach ag ullmhú do phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus tá ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna sláinte práinneacha, an ailse agus an mheabhairshláinte mar shampla

Cógais – leasófar dlíthe cógaisíochta ionas go mbeidh fáil ar chógais thar mar atá faoi láthair, go mbeidh siad níos inrochtana, agus go mbeidh siad níos inacmhainne.

Imirce níos sábháilte – tacaíocht do na Ballstáit agus pleananna gníomhaíochta nua maidir leis an Meánmhuir Láir agus an Mheánmhuir Thiar, agus maidir leis na Balcáin Thiar.

 An tArdán maidir le hImirce Lucht Saothair – rud a chuireann chun cinn imirce lucht saothair oilte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Falscaithe agus tuilte – cuireann an tAontas tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do thíortha atá i ngátar.

€8.4 billiún – maoiniú tosaigh le haghaidh riachtanais dhaonnúla ar fud an domhain in 2023.

An fholláine shóisialta – athléimneacht a chothú

An Frith-éilliú — tograí chun an t-éilliú a chomhrac san Aontas agus ar fud an domhain. Moladh córas nua tiomnaithe smachtbhannaí freisin chun díriú ar ghníomhartha tromchúiseacha éillithe ar fud an domhain.

Comhionannas a chinntiú – tháinig an tAontas Eorpach isteach i gCoinbhinsiún Iostanbúl chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

Gníomhaíochtaí chun cur leis an gcibearshlándáil agus le cosaintí i gcoinne bagairtí hibrideacha ar réimsí ríthábhachtacha, an fuinneamh, an t-iompar agus an bonneagar digiteach mar shampla.

Aontas Sláinte Eorpach – tá an tAontas Eorpach ag ullmhú do phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus tá ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna sláinte práinneacha, an ailse agus an mheabhairshláinte mar shampla.

Cógais – leasófar dlíthe cógaisíochta ionas go mbeidh fáil ar chógais thar mar atá faoi láthair, go mbeidh siad níos inrochtana, agus go mbeidh siad níos inacmhainne.

Imirce níos sábháilte – tacaíocht do na Ballstáit agus pleananna gníomhaíochta nua maidir leis an Meánmhuir Láir agus an Mheánmhuir Thiar, agus maidir leis na Balcáin Thiar.

An tArdán maidir le hImirce Lucht Saothair – rud a chuireann chun cinn imirce lucht saothair oilte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Falscaithe agus tuilte – cuireann an tAontas tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do thíortha atá i ngátar.

€8.4 billiún – maoiniú tosaigh le haghaidh riachtanais dhaonnúla ar fud an domhain in 2023.

Pictiúir a léiríonn feabhsuithe ó thaobh na folláine agus na hathléimneachta de.
Casúr breithimh agus boinn airgid thíos faoi
bean agus í ag breathnú ar scáthán briste, rud a léiríonn go bhfuil deireadh á chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban.
úsáideoir agus é ag clóscríobh a ainm úsáideora agus a phasfhocail, rud atá ina léiriú ar an gcibearshlándáil.
Sean agus óg i ngreim láimhe ina chéile.
Oibrí deonach féasógach ina sheasamh i bpuball bia agus é ag tabhairt bia do dhídeanaithe.
Fear dóiteáin agus héileacaptar.
Ursula Von der Leyen agus Volodomir Zelensky.

Síocháin na hEorpa a chosaint

Ár dtacaíocht dhaingean don Úcráin, tacaíocht a mhairfidh a fhad is gá, agus ár ngealltanais ar an leibhéal domhanda.

Fear agus é ag feistiú painéal gréine.

Infheistíocht a dhéanamh i rathúnas na hEorpa

Geilleagar glas digiteach cothrom a fhorbairt do chách.

Cailín óg ag labhairt agus cluasáin uirthi.

Athléimneacht shochaíoch na hEorpa a fhorbairt

Ár luachanna agus ár gcearta daonlathacha a chosaint agus a threisiú ar mhaithe le sochaí chuimsitheach a bheith ann.

Faigh amach faoi na pleananna atá ar na bacáin ag an gCoimisiún in Aitheasc ar Staid an Aontais 2023

13 Meán Fómhair 2023 in Strasbourg

Cuir an dáta sa dialann agus

#SOTEU

Parlaimint na hEorpa – Strasbourg.