Staid an Aontais 2023 - An Coimisiún Eorpach Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
alt=""
Staid an Aontais

13 Meán Fómhair 2023

An t-aitheasc ar Staid an Aontais

Seo an t-am chun a thaispeáint don ghlúin óg gur féidir linn mór-roinn a thógáil inar féidir leat a bheith dílis duit féin, grá a thabhairt don té is ansa leat, agus dréim leis an gcraobh is airde. Mór-roinn atá le chéile leis an dúlra agus atá ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí nua. Mór-roinn atá aontaithe sa tsaoirse agus sa tsíocháin. Arís eile, seo an t-am don Eoraip gairm na staire a fhreagairt.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

An bealach ar aghaidh á leagan amach dár dtodhchaí Eorpach

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 13 Meán Fómhair 2023, thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, achoimre ar na príomhthosaíochtaí agus na tionscnaimh shuaitheanta don bhliain atá le teacht lena gcuirfear lena bhfuil bainte amach ag an Aontas Eorpach le blianta beaga anuas.

Tionscnaimh bheartaithe

  • Comhaontú Glas don Eoraip
    • Pacáiste maidir le Cumhacht Ghaoithe Eorpach
    • Sprioc aeráide 2040
    • Tionscnamh maidir le hathléimneacht uisce
  • Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach
    • Dlí Spáis an Aontais Eorpaigh
    • Straitéis maidir le Geilleagar Sonraí Spáis
    • Tionscnamh chun acmhainneacht sár-ríomhaireachta Eorpach a oscailt do ghnólachtaí nuathionscanta intleachta saorga atá eiticiúil siosmaideach
  • Geilleagar a fhóireann do dhaoine
    • Tionscnamh Biteicneolaíochta agus Bithmhonaraíochta an Aontais Eorpaigh
    • Obair leantach ar Chruinniú Mullaigh Val Duchesse
    • Ardábhair le haghaidh na ceannaireachta tionsclaíche
    • Tionscnamh maidir le rialacha i ndáil leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha
  • Eoraip níos láidre sa domhan
    • An chomhpháirtíocht leis an Afraic a neartú
    • Straitéis thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach
  • Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn
    • Síneadh a chur le Cosaint Shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin
    • Plean Gníomhaíochta i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí, Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach san áireamh
    • An creat dlíthiúil a thabhairt cothrom le dáta agus an comhar a neartú chun smuigleáil imirceach a chomhrac
    • Céim Eorpach Chomhpháirteach
  • Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa
    • Teachtaireacht maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais
    • Moladh ón gCoimisiún maidir le córais chomhtháite um chosaint leanaí

Litir Intinne

Sheol an tUachtarán von der Leyen Litir Intinne freisin chuig Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. Thug sí sonraí inti faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh an bhliain seo chugainn trí bhíthin reachtaíochta agus tionscnaimh eile.

  • 19 BEALTAINE 2025
Staid an Aontais 2023 – Litir intinne an Uachtaráin von der Leyen

Coimisiún von der Leyen: An méid atá bainte amach 2022-2023

Le bliain anuas, tá muintir na hEorpa tar éis teacht slán ó ghéarchéim fuinnimh, d’oscail siad a ndoirse chun fáilte a chur roimh na milliúin teifeach ón Úcráin arb é an díláithriú daoine is mó ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus chuir siad borradh faoin ngeilleagar le hinfheistíochtaí Eorpacha gan fasach.

Bliain eile de dhúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus thug an tAontas Eorpach aghaidh ar na dúshláin sin arís eile. 

An Eoraip: Na gealltanais a comhlíonadh

Na príomhnithe atá bainte amach

  • 8 MEÁN FÓMHAIR 2023
Staid an Aontais 2023 – An méid a baineadh amach 2022-2023

An Eoraip Agatsa, Na Scéalta Agatsa

  • Laoch áitiúil in Pernik
    ag atógáil pobal

  • An tosaí láir is fearr i Málta
    ag briseadh bacainní inscne

  • 1jeune1solution: helping young French people get their first job

    1jeune1solution
    ag cuidiú le daoine óga na Fraince a gcéad phost a fháil

Doiciméid