Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
SOTEU banner blue bg with dots
Staid an Aontais

14 Meán Fómhair 2022

An bealach ar aghaidh á leagan amach le haghaidh na bliana atá romhainn

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2022 leag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, tionscnaimh shuaitheanta amach a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt fúthu le linn na bliana amach romhainn. Déantar go leor acu mar fhreagairt ar mholtaí a rinne saoránaigh tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Áirítear an méid seo a leanas ar na tionscnaimh, i measc nithe eile:

  • Leanúint de thacaíocht láidir a thabhairt don Úcráin agus dá muintir, lena n-áirítear trí lánchumhacht Mhargadh Aonair an Aontais a shlógadh
  • Bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le muintir na hEorpa dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh
  • Tacú leis an timpeallacht ghnó, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, chun iomaíochas na hEorpa amach anseo a neartú
  • Spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, agus oibriú go dlúth le soláthraithe iontaofa
  • Tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san fhuinneamh in-athnuaite agus sa hidrigin go háirithe
  • Bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an dúlra a chosaint
  • Leanúint de bheith ag seasamh ar son an daonlathais, sa bhaile agus ar fud an domhain, agus ar son an smachta reachta

 

13 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid an Aontais 2022 – Óráid an Uachtaráin von der Leyen

Óráid mar a thug an tUachtarán von der Leyen uaithi

13 MEÁN FÓMHAIR 2022
State of the Union 2022 - President von der Leyen's speech, multilingual version

Tionscnaimh nua

An 14 Meán Fómhair sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Litir Intinne freisin chuig Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Petr Fiala, Príomh-Aire Phoblacht na Seice, an tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair. Thug sí sonraí inti faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh an bhliain seo chugainn trí bhíthin reachtaíochta agus tionscnaimh eile.

13 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid an Aontais 2022 – Litir intinne an Uachtaráin von der Leyen

 

Coimisiún von der Leyen: 2021-2022

8 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid an Aontais 2022 - An méid a baineadh amach

 

Príomhphointí 2021-2022

8 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid An Aontais 2022 - Amlíne

 

Doiciméid agus bileoga eolais

  • Bileog eolais
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

Staid an Aontais - an méid a baineadh amach le linn 2022