Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
President Von der Leyen state of the union banner
Staid an Aontais 2022

14 Meán Fómhair 2022

Coimisiún von der Leyen: 2021-2022

I mí na Nollag 2019 leag Coimisiún von der Leyen amach bealach nua uaillmhianach i dtreo Aontas Eorpach a bheidh níos glaise, níos digití agus níos cothroime. Leanadh den obair sin, comhlíonadh gach ceann de na sé phríomh-uaillmhian agus, san am céanna, d’éirigh leis an Aontas dhá ghéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh a láimhseáil – paindéim an choróinvíris agus an fogha a thug an Rúis faoin Úcráin gan chúis gan údar.

Seo léargas iardhearcach den bhliain seo lena gcuimsítear ár ngníomhaíochtaí chun tacú leis an Úcráin agus chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú, chomh maith lenár gcuid oibre chun na tosaíochtaí polaitiúla ar fad a bhaint amach. An méid sin ar fad san áireamh, agus athléimneacht an Aontais a neartú ar mhaithe lenár saoránaigh chomh maith.

8 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid an Aontais 2022 - An méid a baineadh amach

 

Liosta éachtaí

Wind turbine
Fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe don Eoraip

Príomhphointí

  1. 19 Iúil 2022

    Chuir an tAontas Eorpach tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh.

  2. 13 Iúil 2022

    Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta: D’eisigh an Coimisiún moltaí sonracha do na Ballstáit.

  3. 5 Iúil 2022

    Ghlac an Coimisiún Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht chun an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta sa rabharta nua de nuálaíocht teicneolaíochta doimhne agus de ghnólachtaí nuathionscanta.

  4. 1 Iúil 2022

    Tháinig na rialacha nua maidir le fánaíocht i bhfeidhm, in am chun a chinntiú go leanfar de shochair ‘fánaíochta ar tháillí baile’ a chur ar fáil do shaoránaigh.

  5. 30 Meitheamh 2022

    D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Jacinda Ardern, go bhfuil an chaibidlíocht maidir le comhaontú cuimsitheach trádála tugtha chun críche.

    Tháinig an Pharlaimint agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialachán nua chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh a eascraíonn as fóirdheontais eachtracha sa mhargadh aonair.

    Airgeadas digiteach: Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an rialachán Eorpach maidir le criptea-shócmhainní. Leis an gcreat dlíthiúil nua seo, cosnófar tomhaltóirí, sláine an mhargaidh agus an chobhsaíocht airgeadais, agus beifear in ann tuilleadh nuálaíochta in earnáil na gcriptea-shócmhainní a dhéanamh ag an am céanna.

  6. 24 Meitheamh 2022

    Nocht an tAontas Eorpach an clár oibre athnuaite maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan.

  7. 23 Meitheamh 2022

    Cruinniú idir ceannairí an Aontais agus na mBalcán Thiar roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil.

    Bhronn ceannairí an Aontais stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht ar an Úcráin agus ar an Moldóiv.

  8. 22 Meitheamh 2022

    Ghlac an Coimisiún tograí chun dúlra na hEorpa a athbhunú faoi 2050 agus úsáid lotnaidicídí a laghdú 50% faoi 2030.

  9. 16 Meitheamh 2022

    Comhaontaíodh Cód Cleachtais nua maidir le Bréagaisnéis, bunaithe ar an treoir ón gCoimisiún ó mhí na Bealtaine 2021.

  10. 7 Meitheamh 2022

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le togra a bhaineann le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí.

  11. 3 Meitheamh 2022

    Tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir leis an séú pacáiste de bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise, lena n-áirítear toirmeasc ar an gcuid is mó de na hiompórtálacha ola ón Rúis.

  12. 25 Bealtaine 2022

    Mhol an Coimisiún rialacha maidir le sárú ar bhearta sriantacha a choiriúlú agus maidir le calcadh agus coigistiú a dhéanamh ar shócmhainní daoine a sháraíonn bearta sriantacha agus coirpeach eile.

  13. 23 Bealtaine 2022

    Ghlac an Coimisiún plean teagmhasach um iompar ina leagtar amach bearta nithiúla chun iompar an Aontais a chosaint le linn géarchéimeanna.

  14. 18 Bealtaine 2022

    Chuir an Coimisiún pleananna i láthair maidir le freagairt láithreach an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine agus ar an atógáil fhadtéarmach.

    Nocht an tAontas comhpháirtíocht straitéiseach le stáit na Murascaille, darb aidhm a chomhar le Comhairle Comhair na Murascaille agus leis na tíortha is comhaltaí a leathnú agus a dhoimhniú.

    Chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí anailís i láthair ar bhearnaí infheistíochta i réimse na cosanta agus mhol siad bearta breise is gá chun bonn cosanta tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa a neartú.

    Chuir an tAontas plean REPowerEU i láthair chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú go tapa agus chun dlús a chur leis an aistriú glas.

  15. 13 Bealtaine 2022

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil i ndáil le rialacha nua maidir le cibearshlándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise, rud a chinntíonn go gcosnaítear saoránaigh agus gnólachtaí agus gur féidir leo muinín a bheith acu as seirbhísí bunriachtanacha.

  16. 12 Bealtaine 2022

    Mhol an Coimisiún lánaí dlúthpháirtíochta a chur ar bun chun cabhrú leis an Úcráin earraí talmhaíochta a easpórtáil.

    I dTóiceo, reáchtáil an tAontas agus an tSeapáin a 28ú cruinniú mullaigh. D’athdhearbhaigh siad an dlúthchaidreamh cuimsitheach eatarthu agus sheol siad an chomhpháirtíocht dhigiteach.

    Ag an Dara Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le COVID-19, gheall an Coimisiún dlús a chur le leathadh amach agus glacadh vacsaíní agus bearta eile maidir le COVID-19 san Afraic agus thug siad €400 milliún breise mar thacaíocht.

  17. 11 Bealtaine 2022

    Mhol an Coimisiún reachtaíocht nua de chuid an Aontais chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac.

    Cánachas corparáideach: Molann an Coimisiún dreasacht chánach le haghaidh cothromais chun cuidiú le cuideachtaí forbairt a dhéanamh agus a bheith níos láidre agus níos athléimní.

  18. 10 Bealtaine 2022

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil, rud a chabhraíonn chun a chinntiú go mbeidh ár gcóras airgeadais níos athléimní i gcoinne cibirionsaithe agus rioscaí digiteacha eile.

  19. 9 – 10 Bealtaine 2022

    D’óstáil an tAontas an 6ú ceann de Chomhdháil na Bruiséile maidir le ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’, agus cabhair á slógadh do mhuintir na Siria agus do phobail óstacha i dtíortha comharsanachta trí ghealltanais dar luach €6.4 billiún san iomlán a chur ar fáil le haghaidh 2022 agus ina dhiaidh sin. As an méid sin, gheall an tAontas breis agus €4.8 billiún, agus breis agus €3.1 billiún ón gCoimisiún.

  20. 9 Bealtaine 2022

    Thug an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a cuid oibre chun críche. Is é an toradh a bhí ar an bplé, an díospóireacht agus an comhar idir saoránaigh agus polaiteoirí, rud a mhair bliain amháin, ná 49 moladh agus níos mó ná 320 beart d’institiúidí an Aontais chun obair leantach a dhéanamh ina leith.

  21. 3 Bealtaine 2022

    Sheol an Coimisiún an Spás Eorpach Sonraí Sláinte. Leis sin cumhachtófar daoine chun a gcuid sonraí sláinte a rialú agus a úsáid ina dtír dhúchais nó i mBallstáit eile agus cothóidh sé fíormhargadh aonair le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha.

  22. 28 Aibreán 2022

    Chuir an tAontas Eorpach agus comhpháirtithe idirnáisiúnta Dearbhú maidir le Todhchaí an Idirlín i láthair.

  23. 27 Aibreán 2022

    Mhol an Coimisiún beartas imirce dleathaí, agus tionscnaimh san áireamh a rachaidh chun tairbhe do gheilleagar an Aontais, a neartóidh an comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas agus a chuirfidh feabhas ar bhainistiú foriomlán na himirce san fhadtéarma.

    Mhol an Coimisiún dlí de chuid an Aontais agus moladh chun dul i ngleic le cásanna dlí mí-úsáideacha i gcoinne iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine.

  24. 26 Aibreán 2022

    Chuir Team Europe dlús leis an tacaíocht a thugtar do na tíortha a bhí thíos leis an triomach i gCorn na hAfraice, agus gheall an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit €633 mhilliún san iomlán a chur ar fáil chun slándáil an tsoláthair bia a fheabhsú.

  25. 25 Aibreán 2022

    Bheartaigh an Coimisiún sainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil a neartú chun fianaise ar choireanna cogaidh a bhailiú agus a chaomhnú agus chun comhoibriú le binsí idirnáisiúnta i ndáil leis sin.

    Sheol an tUachtarán von der Leyen agus Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia, an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India.

  26. 23 Aibreán 2022

    Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Leagtar amach sa Ghníomh caighdeán nua nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe maidir le cuntasacht na n-ardán ar líne, rud a thugann cosaint níos fearr d’úsáideoirí idirlín agus dá gcearta bunúsacha.

  27. 20 Aibreán 2022

    Chomóir an tAontas 30 bliain d’oibríochtaí cabhrach daonnúla agus cosanta sibhialta, rud a chuidíonn le daoine i gcásanna éigeandála ar fud an domhain.

  28. 9 Aibreán 2022

    Tiomsaíodh €9.1 billiún mar gheall ar imeacht agus feachtas gealltanais domhanda ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’ do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, laistigh den Úcráin féin agus thar lear, agus gealltanas €1 bhilliún ón gCoimisiún Eorpach san áireamh ann. Gheall an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha €1 bhilliún breise.

  29. 8 Aibreán 2022

    Thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen agus an tArdionadaí Josep Borrell cuairt ar an Úcráin agus bhuail siad le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky.

    Tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir leis an gcúigiú pacáiste de bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise mar fhreagairt ar an bhfogha brúidiúil a thug sí faoin Úcráin agus faoi mhuintir na hÚcráine.

  30. 6 Aibreán 2022

    Mar fhreagairt ar thionchar fhogha na Rúise faoin Úcráin, d’fhógair an tAontas Eorpach pacáiste tacaíochta dar luach €225 mhilliún chun tacú le slándáil bia agus leis an athléimneacht sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh.

    Rinne an tAontas beart chun tacú le réigiúin na Saiheile agus Loch Shead san Afraic, agus maoiniú dar luach €554 mhilliún san iomlán le húsáid chun aghaidh a thabhairt ar neamhshlándáil an tsoláthair bia agus chun inbhuanaitheacht na gcóras bia a fheabhsú san fhadtéarma.

  31. 30 Márta 2022

    I réimse an gheilleagair chiorclaigh, moladh rialacha nua chun go mbeidh táirgí inbhuanaithe mar ghnáthnós san Aontas, chun samhlacha gnó ciorclacha a fheabhsú agus chun tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais.

  32. 28 Márta 2022

    Ghlac an Coimisiún moladh go nglacfadh na Ballstáit céimeanna láithreach maidir le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin.

  33. 25 Márta 2022

    D’fhógair an Coimisiún agus na Stáit Aontaithe go raibh creat nua maidir le príobháideachas sonraí tras-Atlantach comhaontaithe acu i bprionsabal, lena gcothófaí sreafaí sonraí tras-Atlantacha.

  34. 24 Márta 2022

    Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha. Cinnteofar leis an ngníomh margaí digiteacha atá cothrom, oscailte agus inchoimhlinte do ghnólachtaí digiteacha ionas go mbeidh siad in ann fás a dhéanamh laistigh den mhargadh aonair agus dul san iomaíocht ar fud an domhain.

  35. 23 Márta 2022

    Ghlac an Coimisiún creat sealadach géarchéime arb é is aidhm dó é a chur ar a gcumas do na Ballstáit leas a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le státchabhair chun tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin.

    Leag an Coimisiún amach roghanna chun praghsanna arda fuinnimh a mhaolú trí cheannacháin chomhchoiteanna gháis agus trí oibleagáidí íosta stórála gáis.

    Chuir an Coimisiún bearta i láthair chun an tslándáil dhomhanda bia a fheabhsú agus chun tacú le feirmeoirí agus tomhaltóirí san Aontas i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna bia agus ar chostais ionchuir.

  36. 22 Márta 2022

    An chéad lá de chur i bhfeidhm an rialacháin uile-Eorpaigh maidir le táirgí pinsin phearsanta, rud a réitigh an bealach do scéim dheonach nua ar fud an Aontais chun cabhrú le daoine airgead a shábháil dá bpinsin.

    Sheol an Coimisiún ionad ilfhreastail chun tacú le taighdeoirí ón Úcráin.

  37. 21 Márta 2022

    Tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir le compás straitéiseach le haghaidh slándáil agus cosaint níos láidre san Aontas sna deich mbliana amach romhainn.

  38. 16 Márta 2022

    Mhol an Coimisiún athruithe ar an rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús chun éifeachtúlacht mhargaí socraíochta an Aontais a fheabhsú agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint ag an am céanna, ar cuid lárnach é de phlean gníomhaíochta 2020 chun aontas margaí caipitil a thógáil.

  39. 15 Márta 2022

    D’fhorchuir an tAontas an ceathrú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus de smachtbhannaí aonair i ndáil leis an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin.

  40. 11 Márta 2022

    Seoladh an Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’, rud a bhunaigh an Coimisiún chun cur chun feidhme éifeachtúil smachtbhannaí an Aontais i gcoinne olagarcaí liostaithe Rúiseacha agus Bealarúiseacha a chinntiú ar fud chríoch an Aontais.

  41. 9 Márta 2022

    Bhunaigh an Coimisiún sásra dlúthpháirtíochta le haghaidh aistriú leighis dídeanaithe laistigh den Aontas faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

    I bhfianaise na staide san Úcráin agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha, d’fhorchuir an tAontas tuilleadh smachtbhannaí spriocdhírithe.

  42. 8 Márta 2022

    Mhol an Coimisiún rialacha uile-Aontais chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac.

    Mhol an Coimisiún togra le haghaidh Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip chun go mbeidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.

  43. 2 Márta 2022

    Mhol an Coimisiún an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú chun cúnamh tapa éifeachtach a thabhairt do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.

  44. 28 Feabhra 2022

    D’fhormheas an tAontas an tríú pacáiste de smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.

  45. 25 Feabhra 2022

    D’fhorchuir an tAontas tuilleadh smachtbhannaí aonair agus smachtbhannaí eacnamaíocha mar fhreagairt ar fhogha míleata na Rúise. Leis an dara pacáiste smachtbhannaí sin, cumhdaíodh na hearnálacha airgeadais, fuinnimh, iompair agus teicneolaíochta, mar aon le beartas víosaí.

  46. 23 Feabhra 2022

    Chomhaontaigh an tAontas pacáiste smachtbhannaí mar fhreagairt ar an aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thug an Rúis do na limistéir nach bhfuil faoi smacht an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin, agus mar fhreagairt ar an gcinneadh trúpaí Rúiseacha a chur isteach sna limistéir sin.

    Mhol an Coimisiún treoir nua maidir le dícheall cuí i ndáil le hinbhuanaitheacht chorparáideach, lena leagadh síos rialacha chun go n-urramóidh cuideachtaí cearta an duine agus an comhshaol i slabhraí luacha domhanda.

    Mhol an Coimisiún gníomh nua an Aontais maidir le sonraí, rud a chuimsíonn rialacha maidir le cé ar féidir leis sonraí arna nginiúint san Aontas a úsáid agus rochtain a fháil orthu ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile, chun cothroime sa timpeallacht dhigiteach agus deiseanna oscailte don nuálaíocht shonraíbhunaithe a chinntiú.

  47. 19 Feabhra 2022

    Tar éis don Úcráin cúnamh a iarraidh i bhfianaise bagairtí ón Rúis a bhí ag dul in olcas, rinne an Lárionad Eorpach um Chomhordú Freagartha Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a ghníomhachtú. Faoi mhí an Mheithimh, seachadadh os cionn 35,000 tona de chúnamh chuig an Úcráin ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, ón Tuirc, ón Iorua agus ón Macadóin Thuaidh.

  48. 17 – 18 Feabhra 2022

    Ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach sa Bhruiséil, tháinig na ceannairí ar chomhaontú maidir le fís chomhpháirteach le haghaidh 2030. Tacófar leis sin leis an bPacáiste Infheistíochta idir an Afraic agus an Eoraip, a bhfuil infheistíochtaí dar luach €150 billiún san áireamh ann.

  49. 15 Feabhra 2022

    Chuir an tAontas tús le córas nascachta atá bunaithe ar shatailítí agus chuir sé dlús le gníomhaíocht maidir le bainistiú spástráchta chun go mbeidh an Eoraip níos digití agus níos athléimní.

    Chuir an Coimisiún bearta i láthair chun cur le cosaint na hEorpa, nuálaíocht a mhéadú agus aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha. Is céimeanna nithiúla iad na tograí nua i dtreo margadh cosanta na hEorpa a bheidh níos comhtháite agus níos iomaíche, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcomhar laistigh den Aontas Eorpach.

  50. 8 Feabhra 2022

    Mhol an Coimisiún tacar cuimsitheach beart chun athléimneacht, ceannaireacht theicneolaíoch agus slándáil an tsoláthair san Aontas a chinntiú i réimse na dteicneolaíochtaí agus na bhfeidhmeanna leathsheoltóirí.

  51. 2 Feabhra 2022

    Mhol an Coimisiún straitéis um chaighdeánú, lena gcuirtear chun cinn cur chuige nua chun ceannaireacht dhomhanda a chumasú maidir le caighdeáin an Aontais a chothóidh luachanna agus margadh aonair athléimneach glas digiteach.

    D’fhormheas an Coimisiún i bprionsabal gníomh tarmligthe aeráide comhlántach lena n-áirítear, faoi choinníollacha dochta, gníomhaíochtaí sonracha fuinnimh núicléach agus gáis ar liosta na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a chumhdaítear le tacsanomaíocht an Aontais. Cuideoidh sé sin le dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise soladacha nó leachtacha, gual san áireamh, i dtreo todhchaí aeráidneodrach.

  52. 1 Feabhra 2022

    Mhol an Coimisiún pacáiste éigeandála cúnaimh mhacra-airgeadais don Úcráin dar luach €1.2 billiún.

  53. 27 Eanáir 2022

    Ghlac an Coimisiún treoirlínte nua maidir le Státchabhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh.

  54. 26 Eanáir 2022

    Chuir an Coimisiún dearbhú i láthair maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha do gach duine san Aontas Eorpach.

  55. 18 Eanáir 2022

    D’fhoilsigh an Coimisiún sraith straitéisí chun trasnaíocht eachtrach sa taighde agus sa nuálaíocht a mhaolú.

    I réimse an ardoideachais, ghlac an Coimisiún dhá thionscnamh nua chun ollscoileanna san Aontas a ullmhú don todhchaí trí chomhar trasnáisiúnta níos doimhne.

  56. 14 Eanáir 2022

    Ghlac an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le foghlaim ar mhaithe le hinbhuanaitheacht chomhshaoil.

  57. 1 Eanáir 2022

    Thosaigh Bliain Eorpach na hÓige.

    20 bliain den euro inár bpócaí.

  58. 22 Nollaig 2021

    Cánachas cothrom: Mhol an Coimisiún an comhaontú idirnáisiúnta maidir le cánachas íosta ar chuideachtaí ilnáisiúnta a thrasuí gan mhoill.

  59. 21 Nollaig 2021

    Moladh beartas nua chun tacú le dí-armáil, díshlógadh agus athimeascadh iarchomhraiceoirí, mar chuid de rannchuidiú níos leithne an Aontais le cothú na síochána.

  60. 16 Nollaig 2021

    Cuireadh clár oibre athnuaite maidir le hathchóiriú téarnaimh agus athléimneachta i láthair ag Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir.

  61. 15 Nollaig 2021

    Shínigh an tAontas agus an Mholdóiv comhaontú maoinithe deontais dar luach €60 milliún chun cuidiú leis an tír aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thromchúiseach gáis atá ar siúl inti faoi láthair.

    Le straitéis nua airgeadais dhigitigh de chuid an Choimisiúin, réitíodh an bealach do thuairisciú sonraí maoirseachta atá nua-aimseartha cuíchóirithe.

    Mhol an Coimisiún creat nua de chuid an Aontais chun margaí gáis a dhícharbónú, hidrigin a chur chun cinn agus astaíochtaí meatáin a laghdú.

  62. 14 Nollaig 2021

    Mhol an Coimisiún rialacha nua chun limistéar Schengen gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a dhéanamh níos athléimní.

    Chun tacú leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine, níos glaise agus níos cliste, bheartaigh an Coimisiún córas iompair an Aontais a nuachóiriú.

  63. 9 Nollaig 2021

    Mhol an Coimisiún feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha agus d’fhoilsigh sé dréacht-treoirlínte maidir le rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm ar chomhaontuithe comhchoiteanna ag daoine féinfhostaithe aonair.

    Bheartaigh an Coimisiún an liosta de choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú.

    Chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta i láthair chun cuidiú le geilleagar sóisialta na hEorpa dul chun cinn a dhéanamh, agus leas á bhaint as a hacmhainneacht eacnamaíoch agus as an méid a chuireann sí le téarnamh cothrom agus cuimsitheach ó phaindéim COVID-19.

  64. 8 Nollaig 2021

    Mhol an Coimisiún uirlis nua chun cur i gcoinne úsáid brú eacnamaíoch d’aon ghnó ag tíortha nach bhfuil san Aontas.

    Ag an gCruinniú Mullaigh maidir le Cothú don Fhás, gheall an Coimisiún feabhas a chur ar an gcothú trí mhaoiniú dar luach €2.5 billiún a chur ar fáil idir 2021 agus 2024.

  65. 1 Nollaig 2021

    Réitigh an Coimisiún an bealach chun córais cheartais an Aontais a dhigitiú tuilleadh, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos inrochtana agus níos éifeachtaí.

    Sheol an tAontas an Global Gateway, tionscnamh nua Eorpach chun naisc chliste ghlana shlána a fheabhsú sna réimsí digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain.

  66. 26 Samhain 2021

    Ag Cruinniú Mullaigh ASEM, d’athdhearbhaigh an tAontas agus an Áise a gcomhpháirtíocht chomhroinnte agus a rannpháirtíocht i dtreo téarnamh níos láidre ón bpaindéim.

  67. 25 Samhain 2021

    Mhol an Coimisiún bearta nua chun feabhas a chur ar chumas cuideachtaí caipiteal a thiomsú ar fud an Aontais agus chun a chinntiú go bhfaigheann daoine atá ina gcónaí san Aontas na margaí is fearr dá gcoigilteas agus dá n-infheistíochtaí.

    Leag an Coimisiún amach dlíthe nua maidir le fógraíocht pholaitiúil, cearta toghcháin agus maoiniú páirtithe, dlíthe a bhfuil sé d’aidhm acu sláine toghcháin agus díospóireacht dhaonlathach oscailte a chosaint.

  68. 19 Samhain 2021

    Rinne TAIEX (Ionstraim an Choimisiúin um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise) comóradh 25 bliana a cheiliúradh. Le cúig bliana is fiche anuas, cuireadh saineolaithe poiblí de chuid an Aontais i mbun oibre leis an ionstraim os cionn 40,000 uair ag breis agus 26,000 imeacht, rud a chuidigh le riaracháin phoiblí san Aontas agus ar fud an domhain aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhigiteacha, chomhshaoil agus sláinte.

  69. 18 Samhain 2021

    Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua, lena leagtar amach ról tábhachtach an bheartais iomaíochta i dtaca le conair na hEorpa i dtreo an téarnaimh, i dtaca leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus i dtaca le Margadh Aonair buanseasmhach.

  70. 17 Samhain 2021

    Ghlac an Coimisiún tograí nua chun deireadh a chur le dífhoraoisiú, chun bainistiú inbhuanaithe dramhaíola a nuáil agus chun ithreacha a dhéanamh sláinte do dhaoine, don nádúr agus don aeráid.

  71. 13 Samhain 2021

    Thángthas ar chomhaontú polaitiúil chun obair an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú a neartú, go háirithe i réimsí an fhaireachais, an luathrabhaidh, na hullmhachta agus na freagartha.

  72. 2 Samhain 2021

    D’fhógair an Coimisiún gealltanas €1 bhilliún chun foraoisí an domhain a chosaint ag comhdháil COP26 maidir leis an athrú aeráide.

  73. 28 Deireadh Fómhair 2021

    Tháinig sainordú treisithe na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a mhol an Coimisiún i bhfeidhm.

  74. 27 Deireadh Fómhair 2021

    Ghlac an Coimisiún athbhreithniú ar rialacha baincéireachta an Aontais chun a chinntiú go mbeidh bainc san Aontas níos athléimní i leith suaití eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus, ag an am céanna, rannchuidiú le téarnamh na hEorpa ó phaindéim COVID-19 agus leis an aistriú chuig an aeráidneodracht.

  75. 13 Deireadh Fómhair 2021

    Chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán Josep Borrell cur chuige i láthair maidir le rannpháirtíocht níos láidre ón Aontas le haghaidh Artach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil.

  76. 12 Deireadh Fómhair 2021

    D’eisigh an Coimisiún an chéad bhanna glas chun an téarnamh inbhuanaithe a mhaoiniú.

  77. 5 Deireadh Fómhair 2021

    Chuir an Coimisiún i láthair an chéad straitéis de chuid an Aontais riamh maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus leis an gcultúr Giúdach a chothú.

  78. 29 Meán Fómhair 2021

    Ghlac an Coimisiún an teachtaireacht maidir le misin Eorpacha, arb é is aidhm di dul i ngleic le dúshláin shuntasacha a bhaineann leis an tsláinte, leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus spriocanna uaillmhianacha spreagúla a bhaint amach sna réimsí sin.

  79. 23 Meán Fómhair 2021

    Mhol an Coimisiún luchtaire coiteann le haghaidh gléasanna leictreonacha – céim thábhachtach i dtreo laghdú a dhéanamh ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus ar mhíchaoithiúlacht tomhaltóirí.

  80. 22 Meán Fómhair 2021

    Ghlac an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar rialacha árachais an Aontais, rud a chuidíonn le cuideachtaí árachais infheistíocht fhadtéarmach a mhéadú agus, ag an am céanna, rud a bhfuil sé d’aidhm aige earnáil an árachais agus an athárachais a dhéanamh níos athléimní.

  81. 16 Meán Fómhair 2021

    Mhol an tAontas comhpháirtíocht neartaithe leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun an trádáil, an infheistíocht agus an nascacht a chur chun cinn.

    Lainseáil an Coimisiún Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte. (HERA) chun éigeandálaí sláinte a chosc, a bhrath, agus a fhreagairt go pras.

    Mhol an Coimisiún Conair go dtí an Deacáid Dhigiteach chun go gcuirfí aistriú digiteach an Aontais i gcrích faoi 2030.

    Ghlac an Coimisiún a chéad mholadh riamh maidir le sábháilteacht iriseoirí.

  82. 15 Meán Fómhair 2021

    Ghlac an Coimisiún Eorpach an teachtaireacht maidir leis an Bauhaus Eorpach Nua, ina leagadh amach an creat, na croíphrionsabail agus na príomhbhearta a chuirfidh an tionscnamh chun cinn.

8 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid An Aontais 2022 - Amlíne

 

Lean an t-aitheasc ar Staid an Aontais ar na meáin shóisialta