Chuir paindéim an choróinvíris isteach ar shaol na milliún duine ar fud an domhain. I ngeall ar a mó is a bhí an ghéarchéim, murach sin le chéile mar Aontas, níorbh fhéadfaimis an fhreagairt iomchuí a thabhairt uirthi ar mhaithe lenár saoránaigh ná an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a stiúradh chun a chinntiú go sroichfidh vacsaíní sábháilte gach cearn den domhan.
Chuaigh an Coimisiún Eorpach i ngleic leis an bpaindéim ar thrí bhealach:
- Dhíríomar ar leathadh an choróinvíris a shrianadh trí vacsaíní a chur ar fáil don oiread daoine agus arbh fhéidir.
- Thugamar freagra ar an suaitheadh eacnamaíoch le plean téarnaimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.
- Leanamar ar aghaidh ar an mbealach ceart lenár n-aistriú glas agus ár n-aistriú digiteach.

Amlíne an fhormheasta: Vacsaíní sábháilte éifeachtacha in aghaidh COVID-19
- 21 Nollaig 2020BioNTech-Pfizer
- 6 Eanáir 2021Moderna
- 29 Eanáir 2021AstraZeneca
- 11 Márta 2021Johnson & Johnson
- 20 Nollaig 2021Novavax
- 24 Meitheamh 2022Valneva
Freagairt thapa ar an víreas
Go luath sa phaindéim, rinne an Coimisiún comhaontuithe réamhcheannaigh le táirgeoirí aonair vacsaíní thar ceann na mBallstát. A bhuí leis an bhfadbhreathnaitheacht sin, agus lena cumas seachadadh vacsaíní a chinntiú, d’éirigh leis an Eoraip an phaindéim is measa le céad bliain anuas a cheansú.
Cén chaoi ar baineadh an méid sin amach?
Chuir an Coimisiún maoiniú ar fáil chun cuid de na costais a bhí ar tháirgeoirí vacsaíní a chlúdach ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála dar luach €2.7 billiún. Mar chúiteamh air sin, chinntigh an Coimisiún líon comhaontaithe vacsaíní, tráthúlacht an tseachadta agus an praghas. Tríd an méid sin a dhéanamh, chuir an Coimisiún le vacsaíní sábháilte éifeachtacha a fhorbairt agus a mhonarú laistigh den scála ama is tapa riamh.
Má thagann athraithigh nua chun cinn, má dhéanfar vacsaín oiriúnaithe a údarú faoi fhómhar 2022, beidh rochtain ag an Aontas ar sheachadtaí i bhfoirm vacsaíní oiriúnaithe ó BioNTech-Pfizer agus Moderna.
Ní mór cóireálacha a bheith ann freisin chun sláinte na saoránach a chosaint. Tá cóireálacha de dhíth ar othair COVID-19 chun an galar a chomhrac, chun sealanna san ospidéal a laghdú agus chun bás daoine a chosc. Le straitéis an Aontais maidir le teiripí COVID-19, táthar ag tacú le forbairt agus infhaighteacht cógas, le haghaidh othair atá ag téarnamh san áireamh.
I mí Dheireadh Fómhair 2021 chuir an Coimisiún punann le chéile de 10 dteiripe a d’fhéadfaí a úsáid in aghaidh COVID-19. Faoi mhí na Bealtaine 2022 údaraíodh ocht gcóireálacha le haghaidh COVID-19 agus tugadh i gcrích roinnt conarthaí soláthair chomhpháirtigh le haghaidh cógas COVID-19 le monaróirí chun rochtain na mBallstát a éascú ar chóireálacha COVID-19.

Comhar domhanda agus dlúthpháirtíocht dhomhanda
Ón tús, bhí an Coimisiún tiomanta don chomhar idirnáisiúnta chun an phaindéim a chomhrac. Táimid anois ar an soláthraí vacsaíní is mó ar domhan in aghaidh COVID-19, agus ar cheann de na deontóirí is mó ar domhan do COVAX, tionscnamh domhanda atá dírithe ar rochtain chothrom ar vacsaíní in aghaidh COVID-19.
- I mí Feabhra 2022 gheall an tAontas €425 mhilliún ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach chun cuidiú le dlús a chur le luas an vacsaínithe san Afraic.
- Ag an Dara Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le COVID i mí na Bealtaine 2022, gheall Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen €450 milliún don Chiste Domhanda um Ullmhacht i leith Paindéimí.
- Ar an leibhéal réigiúnach, tá an tAontas ag tacú le seoladh Ghníomhaireacht Leigheasra na hAfraice. Ar an leibhéal náisiúnta, táthar ag díriú ar acmhainneacht táirgeachta a mhéadú agus ar an éiceachóras ceart don infheistíocht a chruthú.

Bhí an tAontas ar thús cadhnaíochta freisin sa fhreagairt dhomhanda trádála ar an bpaindéim. Le linn an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála i mí an Mheithimh 2022, chomhaontaigh na comhaltaí oibleagáidí áirithe maoine intleachtúla a tharscoileadh maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19.
Is í seo an chéad phaindéim a bhí le comhrac againn sa ré dhigiteach. Níorbh fhada go raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ina chaighdeán domhanda. Glacadh an córas i mí an Mheithimh 2021 agus leagtar amach leis an creat coiteann chun vacsaíní in aghaidh COVID-19 agus deimhnithe tástála agus téarnaimh a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh chun an tsaorghluaiseacht a éascú. Ó tháinig an córas i bhfeidhm, eisíodh breis agus 2 bhilliún deimhniú ar fud an Aontais.

Ba nuálaíocht ríthábhachtach é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais i bhfreagairt na hEorpa, agus níorbh fhada go raibh sé ina caighdeán domhanda a chabhraigh le taisteal sábháilte idirnáisiúnta a atosú. Ó mhí Lúnasa 2022 bhí breis agus 1.6 billiún duine ar fud an domhain in ann úsáid a bhaint as Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais le haghaidh taisteal idirnáisiúnta.
D’fhorbair an tAontas caighdeán domhanda: glacann 48 dtír agus críoch nach bhfuil san Aontas, iad lonnaithe ar 5 ilchríoch, páirt sa chóras, sa bhreis ar na 27 mBallstát.
Tá Adam King 6 bliana d’aois agus is as Éirinn dó. Tá ríocht na gcnámh broisc air. In 2020 bheartaigh sé gur theastaigh uaidh barróg fhíorúil a sheoladh ar fud an domhain mar shiombail dóchais le linn phaindéim an choróinvíris. An smaoineamh a bhí aige, chuaigh sé ar fud an domhain agus chuidigh sé linn téarnamh i dteannta a chéile.
Sa bhreis ar Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais sheol an Coimisiún Re-open EU, feidhmchlár gréasáin agus aip mhóibíleach a chuidíonn le muintir na hEorpa teacht ar eolas cothrom maidir le bearta taistil agus sláinte i dtíortha na hEorpa i 24 theanga.
Chun a chinntiú go bhféadfadh aipeanna rianaithe teagmhálaithe náisiúnta faisnéis a mhalartú thar theorainneacha, chuir an Coimisiún seirbhís tairsí idir-inoibritheachta Eorpach i bhfeidhm. Faoi fhómhar 2021 bhí faisnéis teagmhála riosca á malartú ag 19 mBallstát tríd an tairseach Eorpach, agus íoslódáladh a n-aipeanna náisiúnta os cionn 70 milliún uair.

I ngeall ar chaillteanas na bithéagsúlachta agus ar an athrú aeráide, is éasca atá sé do víris dul ó ainmhithe go daoine. Má tharlaíonn paindéim eile, ní mór do na Ballstáit uile a bheith ullmhaithe agus freagrúil. Is é sin an fáth ar leag an Coimisiún bunchloch Aontas Sláinte na hEorpa.
Trí Aontas Sláinte Eorpach láidir a thógáil, bainfear an méid seo a leanas amach:
- déanfar sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint
- cuirfear ar a gcumas don Aontas agus do na Ballstáit dul i ngleic le paindéimí a bheidh ann amach anseo agus iad a chosc
- déanfar athléimneacht chórais cúraim sláinte na hEorpa a neartú.

Tá an tÚdarás nua um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte (HERA) ag cuidiú chun leighis, vacsaíní agus frithbheart leighis eile a fhorbairt, a tháirgeadh agus a stoc-charnadh, cuir i gcás trealamh cosanta pearsanta.
Ó cuireadh i ngníomh é, rinne HERA an méid seo a leanas:
- Chuir sé ar bun grúpa saineolaithe maidir le hathraithigh COVID-19 chun faireachán a dhéanamh ar shócháin
- Cheannaigh sé vacsaíní in aghaidh bolgaí moncaí
- Chuir sé FAB EU ar bun, ar líonra d’acmhainneachtaí táirgeachta práinnfhreagartha é chun vacsaíní agus cógais a mhonarú
- Thosaigh sé ag déanamh stoc-charnadh ar threalamh agus drugaí i gcoinne bagairtí ceimiceacha agus núicléacha
San Eastóin, bhunaigh Johanna-Maria Lehtme ‘Slava Ukraini’, rud a sheachaid breis agus 60 otharcharr don Úcráin, agus bhí soláthairtí leighis agus cúnamh eile iontu a bhí ag teastáil chun beatha daoine a shábháil.

Leanann an phaindéim de thionchar mór a bheith aige ar othair, ar ghairmithe cúraim sláinte agus ar chórais sláinte san Aontas. Is é sin an fáth ar ceapadh an clár EU4Health le dul níos faide ná freagairt ghéarchéime chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht na gcóras cúraim sláinte. I ngeall ar an méid a foghlaimíodh le linn na paindéime, tá €5.3 billiún á infheistiú ag EU4Health chun córais sláinte na mBallstát a neartú.

Glacadh an straitéis chógaisíochta don Eoraip i mí na Samhna 2020, agus cuirtear i láthair ann tionscnaimh nithiúla chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag othair ar chógais leighis atá sábháilte inacmhainne agus ar ardchaighdeán agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nár freastalaíodh orthu. Tá sé mar aidhm aige freisin slándáil an tsoláthair a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chur chun cinn. I mí an Mhárta 2022 neartaíodh sainordú na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghanntanais cógas leighis criticiúil agus iad a mhaolú.
Leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte nua tá céim stairiúil á glacadh ag an gCoimisiún i dtreo chúram sláinte digiteach san Aontas. Tá saoránaigh á gcumhachtú ag an gCoimisiún trí smacht iomlán a thabhairt dóibh ar a gcuid sonraí sláinte agus trí chúram sláinte níos fearr a éascú. Cothóidh sé freisin fíormhargadh aonair Eorpach le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha trí chreat a chur ar fáil chun sonraí sláinte a úsáid don taighde, don nuálaíocht, do cheapadh beartas agus do ghníomhaíochtaí rialála. Beidh an méid sin thar a bheith luachmhar d’eolaithe, do thaighdeoirí, do nuálaithe agus do lucht déanta beartas atá ag obair ar chóireálacha nuálacha tarrthála.
A bhuí leis na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime, agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm ó shin i leith, tá an tAontas anois i staid níos láidre ná riamh chun géarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo a chomhrac.