Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Illustrative image
Aontas an chomhionannais a thógáil

I dtreo sochaí níos cothroime

Barr ár gcumais a bhaint amach

I bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach os ár gcomhair sa lá atá inniu ann, ní mór dúinn gach ball dár sochaithe éagsúla a chumasú agus úsáid a bhaint as a gcumas. Is gá go mbeidh na deiseanna céanna ann do gach duine a bhfuil na mianta céanna acu, agus tá sé sin ar cheann de phríomhthosaíochtaí Choimisiún von der Leyen. Domhan a thógáil a bhfuil comhionannas inscne ann, is príomhchuspóir eile é sin atá comhtháthaithe i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

An Comhionannas
is bunluach de chuid gach daonlathais é
14%
an bhearna phá idir na hinscní
30%
an bhearna phinsin idir na hinscní

I dtreo an chomhionannais inscne

Sochaí ionchuimsitheach a bhaint amach

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do shochaí iolraíoch ionchuimsitheach atá comhionann ó thaobh inscne de agus ina gcaitear go cothrom le daoine LADTIA+, le mionlaigh nó le daoine faoi mhíchumas. Bíonn Tascfhórsa tiomnaithe um Chomhionannas ag obair chun comhionannas a phríomhshruthú i ngach réimse beartais. Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta LADTIA+ agus frithchiníochais a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Mar chaomhnóir na gConarthaí, ní bhíonn aon drogall ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú i gcoinne sáruithe ar chearta bunúsacha a thionscnamh, mar a tharla, mar shampla, i ndáil le sáruithe i gcoinne an phobail LADTIA+ san Ungáir agus sa Pholainn.

  1. Deireadh Fómhair 2021
    An frithsheimíteachas a chomhrac

    I straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú leagtar amach sraith beart chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne gach cineáil frithsheimíteachais – ach freisin, den chéad uair riamh, chun oidhreacht agus cultúr na nGiúdach a chur chun cinn agus chun an frithsheimíteachas a chomhrac lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá pleananna gníomhaíochta náisiúnta á bhforbairt ag na Ballstáit anois, a bheidh réidh faoi dheireadh 2022.

  2. Mí na Nollag 2021
    An fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a choiriúlú

    Ghlac an Coimisiún na chéad chéimeanna i dtreo an liosta de choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú.

  3. Márta agus Aibreán 2022
    Pleananna LADTIA+ agus frithchiníochais a chur chun feidhme

    D’eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le pleananna náisiúnta frithchiníochais agus pleananna náisiúnta LADTIA+ a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme faoi seach.

Níl aon ghlacadh
leis an idirdhealú san Aontas Eorpach
43%
an céatadán de dhaoine LATDIA+ a bhraith go ndearnadh idirdhealú orthu in 2019
Níos mó ná 50%
an céatadán de dhaoine faoi mhíchumas a bhraith go ndearnadh idirdhealú orthu in 2019

Ná fágaimis aon duine ar lár

capitals of diversity

Bronnadh an Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa den chéad uair i mí Aibreáin 2022 chun aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag bailte, cathracha agus réigiúin san Eoraip chun an t-ionchuimsiú a chur chun cinn agus sochaithe a chruthú atá saor ó idirdhealú agus fuath.

Blind woman crossing the street

Is áis eile é an tArdán Míchumais a chuireann ar chumas geallsealbhóirí ábhartha taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt, foghlaim óna chéile agus comhoibriú le chéile.

Tacaíocht a thabhairt do leanaí ar fud an Aontais

Mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

  • I mí na Bealtaine 2022, mhol an Coimisiún reachtaíocht nua de chuid an Aontais chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac. Leis na rialacha de chuid an Aontais atá beartaithe, cuirfear d’oibleagáid ar sholáthraithe ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar a seirbhísí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas.
  • Lárionad an Aontais um Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí atá nua neamhspleách, oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus le grúpaí tacaíochta chun marthanóirí a tharrtháil agus a chumasú agus chun déantóirí na coire a thabhairt os comhair na cúirte.

Idirlíon níos fearr do leanaí

  • In 2022, ghlac an Coimisiún straitéis nua Eorpach maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí.
  • Tháinig rialacha maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint anuas i bhfeidhm freisin.

Dul i ngleic le míbhuntáiste agus eisiamh

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022

Dul chun cinn i réimsí eile

Footer banner SOTEU 2022
An méid a baineadh amach

le linn Choimisiún von der Leyen