An tAontas Eorpach: an ceannródaí ar an mbealach i dtreo domhan digiteach atá sábháilte iontaofa
De bharr phaindéim an choróinvíris, is léir na tairbhí a bhaineann leis an digitiú inár saol laethúil, agus is léir gurb é aistriú digiteach na hEorpa atá duinelárnach an bealach ceart chun cinn. Is é an t-aistriú sin an bhunchloch ar a seasann ceithre cholún Dheacáid Dhigiteach na hEorpa:
- saoránaigh a chumasú le scileanna digiteacha
- gnólachtaí a dhigitiú
- seirbhísí poiblí a dhigitiú
- an bonneagar digiteach a neartú
Tar éis an tsaoil, an tsaoirse chun teagmháil a dhéanamh le cairde agus le teaghlaigh thar theorainneacha, is gá gur ceart é sin seachas pribhléid. Sin an fáth ar mhol an Coimisiún, i mí Eanáir 2022, dréachtdearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa. Leanann an togra sin roinnt mórphíosaí reachtaíochta de chuid an Aontais a bhfuil spás digiteach níos sábháilte agus níos saoire á thógáil acu, san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus a fhéachann lenár gcearta bunúsacha agus sonraí a chosaint.
D’eisigh an Coimisiún a dhréacht den ghníomh um an intleacht shaorga (IS) i mí Aibreáin 2021, dréacht a rabhthas ag súil go mór leis. Is é sin an iarracht is réamhbhreathnaithí ar domhan chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a rialáil, lena leagtar amach cur chuige rialála trasearnála rioscabhunaithe chun córais intleachta saorga a úsáid san Aontas agus ina mhargadh aonair.
Is é is aidhm dó rialacha IS a dhéanamh comhsheasmhach ar fud an Aontais agus, ar an dóigh sin, deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú, infheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a spreagadh agus muinín an phobail a chothú go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealaí a n-urramaítear luachanna agus cearta bunúsacha na hEorpa.
I bhFómhar 2021, tháinig an Coimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, ar chomhaontú maidir leis an nGníomh um Rialachas Sonraí, gníomh a mhéadaíonn an iontaoibh atá ag daoine as comhroinnt sonraí. Comhlánaíodh é i mí Feabhra 2022 le togra le haghaidh an ghnímh um shonraí, ina leagtar amach rialacha nua maidir le cé atá in ann sonraí arna nginiúint san Aontas a úsáid agus a rochtain ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile. Tá spásanna coiteanna sonraí Eorpacha á mbunú ag an gCoimisiún freisin i réimsí straitéiseacha, ina bhfuil gníomhaithe príobháideacha agus poiblí rannpháirteach.
I mí an Mhárta 2022, tháinig an tAontas ar chomhaontú cinniúnach maidir leis an ngníomh um margaí digiteacha, gníomh lena rialaítear gníomhaíochtaí na n-ardán mór digiteach, nó ‘geatóirí’, chun a chinntiú go mbíonn an margadh aonair digiteach Eorpach oscailte agus cothrom.
Beidh na geatóirí sin faoi réir roinnt oibleagáidí agus toirmeasc a shaineofar go soiléir agus a chuirfidh cosc ar chuideachtaí móra digiteacha mí-úsáid a bhaint as a gcumhacht mhargaidh agus a chuirfidh ar chumas gníomhaithe nua dul isteach sa mhargadh. Leis an ngníomh um margaí digiteacha, beidh an Coimisiún ar an gcéad fheidhmitheoir ar domhan maidir le rialáil margaidh na mórchuideachtaí teicneolaíochta a chumhdaíonn go leor cleachtas agus seirbhísí digiteacha.
Thángthas ar chomhaontú an-tábhachtach eile i mí Aibreáin 2022 maidir leis an ngníomh um sheirbhísí digiteacha, an chéad cheann ar domhan i réimse na rialála digití. Leanann an gníomh sin an prionsabal gur gá don rud atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne chomh maith: beidh ar na hardáin an-mhór ar líne agus ar na hinnill chuardaigh a n-úsáideoirí a chosaint ar ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha. Thairis sin, beidh ar ardáin ar líne agus ar innill chuardaigh measúnú agus maolú a dhéanamh ar na díobhálacha níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena ngníomhaíochtaí agus lena n-algartaim do chearta bunúsacha, d’fholláine leanaí agus don dioscúrsa sibhialta.
Tiocfaidh an gníomh um margaí digiteacha agus an gníomh um sheirbhísí digiteacha araon i bhfeidhm i mbliana agus beidh siad infheidhme in 2023.
An togra le haghaidh gníomh Eorpach um shliseanna, a ghlac an Coimisiún i mí Feabhra 2022, is tionscadal suaitheanta é i gclaochlú digiteach an Aontais.
Ní bheidh todhchaí dhigiteach ann gan sliseanna. Tá siad inár ngutháin, ríomhairí, gluaisteáin, feistí leighis agus gach fearas nasctha.
Mar thoradh ar an gcur isteach leanúnach atá á dhéanamh ag an bpaindéim ar an slabhra soláthair, treisíodh an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh: Ní mór dúinn an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta arís i ndearadh agus i dtáirgeadh leathsheoltóirí.
I mí Eanáir 2021, chomhaontaigh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach oibriú le chéile chun staidéar a dhéanamh ar roghanna deartha agus ar impleachtaí rialála gaolmhara an euro dhigitigh. Thabharfadh leagan digiteach d’airgead bainc ceannais rogha níos fearr do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí i gcásanna nach féidir airgead tirim fisiciúil a úsáid. Chomhlánódh an euro digiteach airgead tirim agus d’fhreagródh sé do riachtanais nua íocaíochta ar fud an domhain.
Is é an tAontas an chéad rialtóir ar domhan freisin chun a shaoránaigh a chosaint ar rioscaí áirithe a bhaineann le hinfheistíochtaí criptea-shócmhainní, agus é mar aidhm aige cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus nuálaíocht san earnáil a chothú ag an am céanna. I mí an Mheithimh 2022, tháinig comhreachtóirí an Aontais ar chomhaontú cinniúnach faoin rialachán maidir le criptea-shócmhainní atá beartaithe ag an gCoimisiún.
Idir an dá linn, cuireann clár spáis an Aontais sonraí agus seirbhísí ar fáil cheana féin do réimse leathan feidhmeanna laethúla, cuir i gcás tacaíocht a thabhairt don iompar tráchtála agus don loingseoireacht phearsanta, an talmhaíocht bheacht a chur chun cinn agus réitigh a chur ar fáil ar an athrú aeráide. I mí Feabhra 2022 mhol an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh shuaitheanta nua chun borradh a chur faoi nascacht shlán shaitilítbhunaithe agus faoi bhainistiú an spástráchta.
Leis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2021, cuirtear ardán éifeachtach ar fáil chun cuir chuige a chomhordú agus chun an comhar a neartú maidir le príomh-shaincheisteanna digiteacha, teicneolaíocha, eacnamaíocha agus trádála.
Fógraíodh tionscnaimh nua maidir le slabhraí soláthair, slándáil bia, teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn, bonneagar digiteach agus trádáil. Déanfaidh na tionscnaimh sin an méid seo a leanas:
- ár gcomhluachanna daonlathacha a threisiú
- borradh a chur faoin iomaíochas trasatlantach domhanda
- tairbhe a dhéanamh d’oibrithe agus do theaghlaigh ar dhá thaobh an Atlantaigh
- an t-aistriú digiteach agus teicneolaíoch domhanda a mhúnlú
Tá an tAontas Eorpach ag obair freisin le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis ar fud an domhain chun rialacha domhanda a mhúnlú sa réimse digiteach. Tá uasghrádú á dhéanamh againn ar an gcaidreamh digiteach le príomh-chomhpháirtithe chun na rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a leagan síos, agus tá sin á nascadh againn le réamh-mheastachán ár n-athchóirithe inmheánacha. Tugadh comhpháirtíocht dhigiteach i gcrích leis an tSeapáin ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin i mí na Bealtaine 2022, agus tá caibidlíocht chomhchosúil ar siúl le Singeapór agus leis an gCóiré Theas.
Is é Fís Eorpach an clár trasnáisiúnta taighde agus nuálaíochta is mó ar domhan, agus maoiniú €95.5 billiún aige don tréimhse suas go dtí 2027.
Faoin gclár suaitheanta sin, bhunaigh an Coimisiún an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach chun tacú le nuálaíochtaí claochlaitheacha ar feadh a saolré.
Idir an dá linn, glacadh an clár oibre nua Eorpach um nuálaíocht i mí Iúil 2022, agus áiríodh ann cúig mhórchlár shuaitheanta chun an tAontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i réimse na nuálaíochta domhainteicneolaíochta.
D’fhéadfadh sé thart ar €45 bhilliún a shlógadh ó infheisteoirí institiúideacha príobháideacha chun tacú leis an uas-scálú. Ina theannta sin, bunófar leis an gclár oibre clár chun oiliúint a chur ar 1 mhilliún duine i scileanna domhainteicneolaíochta.
Is comhpháirtíocht nua é AE-Catalyst atá dírithe ar infheistíochtaí i dtionscadail ardtionchair atá bunaithe san Aontas i dteicneolaíochtaí aeráide ríthábhachtacha (hidrigin ghlas, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, gabháil dhíreach ón aer agus stóráil fuinnimh fhadtréimhseach) a spreagadh agus a uas-scálú, agus leis sin tá iarrachtaí á neartú ag an gCoimisiún chun ceannródaíocht a dhéanamh i dtionscadail teicneolaíochta glaise. Seoladh an chomhpháirtíocht ag COP26, agus d’fhéadfadh sé suas le €840 milliún a shlógadh faoi 2026.