Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
SOTEU banner blue bg with dots
Luachanna an Aontais a chosaint

An daonlathas agus saoirsí bunúsacha

Mar a léirigh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is coincheap leochaileach é an daonlathas nach mór a chothú agus a chosaint i gcónaí.

An smachta reachta a chosaint

Is leis an Smacht Reachta a cheanglaítear le chéile an tAontas Eorpach. Trí dhul isteach san Aontas, gheall gach ceann de na 27 mBallstát an smacht reachta a chosaint, rud atá riachtanach chun na luachanna ar ar bunaíodh an tAontas Eorpach a chosaint: an daonlathas, an tsaoirse, an comhionannas agus meas ar chearta an duine. 

trí Thuarascáil bhliantúla maidir leis an Smacht Reachta foilsithe anois i dtaca leis an méid atá ag titim amach faoi láthair ar fud na mBallstát i gceithre phríomhréimse:

  • An córas ceartais
  • An creat frithéillithe
  • Iolrachas sna meáin
  • Saincheisteanna institiúideacha eile maidir le srianta agus ceartúcháin

Uirlisí breise chun an smacht reachta a chosaint san Aontas

Sásra an Smachta Reachta 

Cuireann an Sásra idirphlé oscailte maidir leis an smacht reachta chun cinn i measc institiúidí an Aontais, na mBallstát agus na sochaí sibhialta.

An Rialachán maidir le Coinníollacht 

Déanann sé faireachán ar sháruithe ar an smacht reachta sna Ballstáit a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.

Trédhearcacht níos fearr i bhfógraíocht pholaitiúil 

Iriseoireacht agus saoirse cainte

Is minic a scaipeann dul chun cinn daonlathach go tapa trí réigiún iomlán... rud a léiríonn an chumhacht atá ag an daonlathas chun móiminteam agus creideamh a chothú gur féidir athruithe a dhéanamh

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen

Tacú le meáin neamhspleácha agus sochaí shibhialta na hÚcráine

€150,000
ciste éigeandála do mheáin na hÚcráine
curtha ar bun ag eagraíochtaí meán éagsúla san Eoraip chun tacú le hobair a gcomhghleacaithe san Úcráin.
€1.5 milliún
tiomsaithe go dtí seo
chun cabhrú le hiriseoirí na hÚcráine na costais oibriúcháin a bhaineann le tuairisciú ar an gcogadh a chlúdach.
€1.5 billiún
chun saoirsí bunúsacha a chur chun cinn
lena n-áirítear cearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta agus obair eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud an domhain go dtí 2027.

Na dúshláin atá romhainn

De bharr na n-athruithe teicneolaíochta agus na corraíola sóisialta atá ag tarlú le blianta beaga anuas, tá go leor iriseoirí ann anois nach féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh i gceart. Chun go mbeidh a mhalairt de threocht ann, tá trí bheart curtha chun feidhme nó á n-ullmhú ag an gCoimisiún:

  • Sábháilteacht iriseoirí – as líne agus ar líne – Áirítear leis na príomhthionscnaimh seirbhísí tacaíochta náisiúnta neamhspleácha a chruthú amhail línte cabhrach, comhairle dlí, tacaíocht shíceolaíoch, cosaint mhéadaithe d’iriseoirí le linn léirsithe, agus dídean d’iriseoirí agus do ghairmithe meán a bhfuil bagairtí orthu.
  • Reachtaíocht chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar chásanna de mhí-úsáid an dlíCuirfidh na bearta nua ar chumas na mbreithiúna na SLAPPanna, mar a thugtar orthu, (dlíthíocht straitéiseach i gcoinne rannpháirtíochtaí poiblí) a dhíbhe go tapa agus iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chumasú ina n-iarrachtaí labhairt amach ar mhaithe le leas an phobail.  
  • Gníomh um Shaoirse na Meán Cumhdófar leis an ngníomh coimircí comhchoiteanna, den chéad uair i ndlí an Aontais, chun iolrachas na meán agus neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint. Déantar faireachán freisin ar shaoirse na meán, ar an iolrachas agus ar shábháilteacht iriseoirí sna tuarascálacha bliantúla ar an Smacht Reachta.

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022

Dul chun cinn i réimsí eile

soteu dark blue
An méid a baineadh amach

le linn Choimisiún von der Leyen