Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
A young woman in an interpretation booth during the Open Doors Day
Athléimneacht shochaíoch na hEorpa a fhorbairt

Bíonn obair idir lámha i rith an ama maidir le daonlathas na hEorpa

An smacht reachta a urramú agus an t-éilliú a chomhrac

Meabhrúchán ar an ngá ár ndaonlathas agus ár saoirsí atá saothraithe go maith a chosaint is ea cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ní mór do gach glúin de mhuintir na hEorpa cuidiú le hathléimneacht dhaonlathas na hEorpa a fhorbairt agus gealltanas thionscadal síochána na hEorpa a athnuachan.

An smacht reachta – an tsaoirse, an chothroime, an comhionannas

Is é an smacht reachta bunchloch an Aontais seo againne. Leis an Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, déantar monatóireacht ar fhorbairtí a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit, bíodh siad dearfach nó diúltach.

Léirítear treocht dhearfach i dTuarascáil 2023 agus aithnítear san am céanna go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun roinnt athchóirithe a chur i gcrích.

Infographic showing 65% of the 2022 recommendations were addressed by the Member States

Beartais éifeachtacha frith-éillithe

I mí na Bealtaine 2023, ghlac an Coimisiún gníomhaíocht chinntitheach chun an t-éilliú a chomhrac san Aontas agus chun rialacha an Aontais maidir leis na sainmhínithe ar chionta éillithe agus na pionóis ina leith a chomhchuibhiú. Is é is aidhm don ghníomhaíocht an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ardchaighdeáin a chinntiú i gcoinne raon iomlán na gcionta éillithe
  • feabhas a chur ar a bhforfheidhmiú
  • struchtúir a chur i bhfeidhm sna Ballstáit a chuirfeadh cosc níos fearr ar an éilliú.

Ina theannta sin, mhol an Coimisiún córas nua tiomnaithe smachtbhannaí chun díriú ar ghníomhartha tromchúiseacha éillithe ar fud an domhain.

Infographic on EU Anti corruption policies

Togra chun Comhlacht Eitice idirinstitiúideach a chruthú

I mí an Mheithimh 2023, mhol an Coimisiún go gcruthófaí an Comhlacht Eitice idirinstitiúideach; beidh caighdeáin choiteanna ann maidir le hiompar eiticiúil comhaltaí d’institiúidí an Aontais, mar aon le sásra foirmiúil chun tuairimí a chomhordú agus a mhalartú i measc institiúidí maidir le ceanglais eiticiúla.

Cineálacha nua rannpháirtíochta daonlathaí a chur chun cinn

Rannpháirtíocht na saoránach

Tar éis na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, cleachtadh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo sa daonlathas rannpháirtíochta, tá an Coimisiún ag gníomhú de réir mholtaí na saoránach.

Ag na Painéil Saoránach a tugadh isteach le déanaí, tugann thart ar 150 duine aonair a roghnaíodh go randamach léargas roimh thograí ríthábhachtacha ón gCoimisiún. Leagtar béim ar an nglúin óg agus ar an ról ríthábhachtach atá acu maidir leis an todhchaí a mhúnlú.

Infographic showing EU citizen engagement

An 100ú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An 18 Aibreán 2023, chláraigh an Coimisiún an 100ú tionscnamh inar iarradh go nascfaí príomhchathracha uile na hEorpa trí thraenacha ardluais. Ó bunaíodh iad in 2012, is uirlis chumhachtach de chuid an daonlathais rannpháirtíochta iad na tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, lenar bailíodh níos mó ná 17 milliún síniú le haghaidh tograí éagsúla.

Aontas an chomhionannais a fhorbairt

Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí do shochaí ina mbeidh deiseanna comhionanna ag cách a bheith faoi rath. Ní mór do gach duine a bheith saor chun a n-indibhidiúlacht a chur in iúl, a gcuid tuairimí a chur in iúl, adhradh a dhéanamh faoi shaoirse agus grá a thabhairt dá rogha duine.

Comhionannas Inscne

I Straitéis 2020-2025 um Chomhionannas Inscne, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé sochaí agus geilleagar atá faoi bhláth agus atá cothrom ó thaobh inscne de a chothú. I gcomhréir leis sin, chuireamar tograí i láthair chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cearta teaghlach i gcásanna trasteorann a chosaint agus a neartú 
  • cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann idir fir agus mná a neartú, chun deireadh a chur leis an mbearna phá idir na hinscní faoi dheireadh
  • deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe.
Infographic showing information on EU gender equality

Deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban

An 1 Meitheamh 2023, 7 mbliana tar éis an togra ón gCoimisiún, d’aontaigh an tAontas do Choinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Táimid i mbun caibidlíochta maidir le híoschaighdeáin i ndlí an Aontais chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cineálacha áirithe foréigin inscnebhunaithe a choiriúlú
  • rochtain ar cheartas, cosaint agus tacaíocht d’íospartaigh a fheabhsú
  • comhordú idir na seirbhísí ábhartha a chinntiú
  • cosc a chur ar na cineálacha coireanna sin.

Cearta daoine LGBTIQ

Mar a fhoráiltear sa Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025, chuir an Coimisiún togra i láthair i mí na Nollag 2022 chun comhlachtaí comhionannais a neartú chun an t-idirdhealú a chomhrac, trí íoschaighdeáin a leagan síos maidir lena sainordú, a gcumhachtaí, a gcúraimí, a n-acmhainní agus a neamhspleáchas.

An ciníochas a chomhrac

Faoi chuimsiú Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Frithchiníochas 2020-2025, is é seo a leanas a rinne an Coimisiún:

  • mhol sé do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an chiníochais a ghlacadh faoi dheireadh 2022
  • d’iarr sé ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a cheapadh chun an frithsheimíteachas a chomhrac
  • rinne sé meastóireacht ar chreataí náisiúnta maidir leis na Romaigh
  • cheap sé comhordaitheoir nua chun cur i gcoinne fuath frith-Mhoslamach.

Pacáiste Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas

Tá daoine faoi mhíchumas i dteideal páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné den saol, mar atá gach duine eile. Leis an bPacáiste Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas, a cuireadh i láthair i mí Mheán Fómhair 2022, tacaítear leis na Ballstáit sna bealaí seo a leanas:

  • cuimsiú sóisialta a chur chun cinn
  • an bhochtaineacht a chomhrac
  • borradh a chur faoi scileanna agus inniúlachtaí daoine faoi mhíchumas.

I mí Mheán Fómhair 2023 chuir an Coimisiún togra maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach a thabhairt isteach, cárta chun aitheantas trasteorann a chinntiú do stádas míchumais. Leis seo déanfar tréimhsí gearrfhanachta i mBallstáit eile a éascú tríd an rochtain chéanna a thabhairt ar fud an Aontais ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach i ndáil le seirbhísí agus a thugtar do náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

An athléimneacht a mhéadú agus saoránaigh an Aontais a chosaint

Faoin Aontas Slándála Eorpach, tá an tAontas tiomanta dá shaoránaigh agus dá ghnólachtaí uile a chosaint, ar líne agus as líne araon. Ó mhí Iúil 2020 ar aghaidh, tá dul chun cinn substaintiúil déanta, lena dtreisítear na ceithre cholún den straitéis.

Infographic on resilience and protection of EU citizens

An Gníomh um an gCibear-Dhlúthpháirtíocht

Is é is aidhm don Ghníomh um an gCibear-Dhlúthpháirtíocht atá beartaithe comhar laistigh den Aontas a neartú chun cibearbhagairtí a chomhrac tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar bhagairtí a bhrath agus ar fheasacht ina leith
  • ullmhacht eintiteas criticiúil a neartú
  • bainistiú comhbheartaithe géarchéime agus cumais freagartha a threisiú ar fud na mBallstát.

Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh         

I mí an Mhárta 2023, nocht an Coimisiún Straitéis Slándála Muirí nuashonraithe an Aontais Eorpaigh, ina moltar bearta chun an tslándáil mhuirí a fheabhsú agus na bearta seo a leanas san áireamh:

  • freachnaimh chabhlaigh ar leibhéal an Aontais
  • oibríochtaí feabhsaithe garda cósta
  • cigireachtaí slándála neartaithe i gcalafoirt an Aontais a bhfuil sé d’aidhm acu comhar níos doimhne a chothú le comhpháirtithe, ECAT mar shampla, chun seasamh leis an ord riailbhunaithe ar muir.

Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint

Léiríonn Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint an t-aitheantas a thugann an tAontas don spás mar réimse straitéiseach atá á chonspóid, agus is straitéis í is aidhm di an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • sócmhainní spáis, ar nós satailítí, an Aontais a chosaint
  • gníomhaíochtaí naimhdeacha sa spás, mar shampla an spiaireacht, a dhíspreagadh
  • a neamhspleáchas straitéiseach a neartú.

Cur leis an athléimneacht i gcoinne tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine

méadú faoi dhó tagtha ar chúltaca aerárthaí comhraic dóiteán rescEU mar ullmhúchán don samhradh seo agus anois tá 24 eitleán agus 4 héileacaptar ó 10 mBallstát ann. In 2023, rinne an tAontas na céadta comhraiceoirí dóiteáin, feithiclí agus eitleán a chur in úsáid trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun dóiteáin ollmhóra a chomhrac san Eoraip agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, ar nós Ceanada. In 2022, d’fhorbair an Coimisiún Plean Gníomhaíochta um Chosc ar Fhalscaithe freisin.

I mí Feabhra 2023, ghlac an Coimisiún Moladh agus Teachtaireacht freisin chun spriocanna comhchoiteanna a bhunú chun borradh a chur faoin athléimneacht Eorpach ó thubaistí i ndáil le cosaint shibhialta. Cuimsítear leis sin bealaí chun tíortha na hEorpa a ullmhú ar bhealach níos fearr do ghuaiseacha nádúrtha, agus creathanna talún, tuilte agus dóiteáin foraoise san áireamh. 

An phaindéim a shárú agus Aontas Sláinte a thógáil

COVID-19

An 5 Bealtaine 2023, cuireadh deireadh go hoifigiúil le stádas COVID-19 mar éigeandáil dhomhanda sláinte. Mar gheall ar spiorad láidir na hathléimneachta, na dlúthpháirtíochta agus an chomhordaithe atá againn, agus ár n-iontaoibh dhomhain agus ár n-infheistíocht láidir san eolaíocht agus sa nuálaíocht bhíomar in ann an ghéarchéim seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a shárú.

Straitéis an Aontais Eorpaigh um vacsaíní

Baineadh torthaí suntasacha amach le Straitéis an Aontais Eorpaigh um vacsaíní a bhfuil os cionn 70% de dhaonra an Aontais vacsaínithe go hiomlán in aghaidh COVID-19 dá mbarr.

Trí FAB an Aontais (Líonra de tháirgeoirí vacsaíní le haghaidh éigeandálaí sláinte amach anseo), a chinnteoidh acmhainneacht leanúnach chun idir 500 agus 700 milliún dáileog vacsaíní a tháirgeadh in aghaidh na bliana, is féidir linn a chinntiú go mbeidh vacsaíní ar fáil go pras chun dul i ngleic le haon ghéarchéim a bheidh ann amach anseo. Táimid tiomanta i gcónaí do chinntiú go mbeidh rochtain ag gach cearn den domhan ar vacsaíní. Ó bhí mí na Nollag 2020 ann, rinneadh beagnach 2.5 billiún dáileog de vacsaín COVID-19 a easpórtáil chuig 168 dtír.

Infographic on overcoming COVID-19 in the EU

Deimhniú Digiteach COVID an Aontais

Le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, éascaíodh saorthaisteal sábháilte do shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh nuair a chuir na Ballstáit srian ar thaisteal le linn na paindéime. Eisíodh breis agus 2.3 billiún deimhniú san Aontas ó seoladh é in 2021. Chun cur leis an rath a bhí air, i mí an Mheithimh 2023, ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le córas deimhniúcháin dhigitigh COVID-19 an Aontais, chun córas domhanda a bhunú a chuideoidh le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

An tAontas Sláinte Eorpach

Le bliain anuas, leanadh den obair chun Aontas Sláinte Eorpach láidir a thógáil chun sláinte ár saoránach a chosaint ar bhealach níos fearr. Cuireann sé ar a chumas don Aontas agus do na Ballstáit paindéimí amach anseo a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr agus feabhas a chur ar athléimneacht chórais sláinte na hEorpa. 

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

Ós rud é gur dtuairiscíodh os cionn 2.7 milliún diagnóis ailse agus 1.3 milliún bás san Aontas in 2020, is é an Plean Ailse an tionscnamh is cuimsithí riamh de chuid an Aontais maidir le hailse agus maoinítear é go láidir trí bhuiséad de €4 bhilliún. Mar chuid den phlean, tugadh isteach cur chuige nua eolaíochtbhunaithe maidir le scagthástáil ailse i mí Mheán Fómhair 2022 agus in 2023, seoladh an Tionscnamh Eorpach um Íomhú Ailse, agus úsáid á baint as cumhacht sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha chun ailse a bhrath agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach níos fearr.

Infographic showing information on the EU's cancer plan

Athbhreithniú ar an reachtaíocht chógaisíochta

Cuireadh colún tábhachtach leis an Aontas Sláinte Eorpach in Aibreán 2023 — is é sin an t-athbhreithniú ba mhó a rinneadh ar an reachtaíocht chógaisíochta le fiche bliain anuas. Is é is aidhm dó margadh aonair do chógais a chruthú trí infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht níos fearr cógas a chur chun cinn agus, san am céanna, nuálaíocht agus iomaíochas thionscal cógaisíochta an Aontais a neartú.

An chéad chur chuige cuimsitheach de chuid an Aontais i leith na meabhairshláinte

Sa chéad chur chuige cuimsitheach de chuid an Aontais i leith na meabhairshláinte, a nochtadh i mí an Mheithimh 2023, léirítear moltaí ó na saoránaigh ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus freagraítear glaonna Pharlaimint na hEorpa ar ghníomhaíocht níos fearr a dhéanamh i leith na meabhairshláinte. Cuirtear gníomhartha ar aghaidh ann chun an dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar leanaí agus ar dhaoine óga. Le 20 tionscnamh suaitheanta agus €1.2 billiún de mhaoiniú ón Aontas, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit tús áite a thabhairt do dhaoine agus dá meabhairshláinte.

Córas imirce inbhuanaithe agus cothrom a thógáil

Leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún príomhbheartais an Aontais maidir le himirce, tearmann agus bainistiú teorainneacha a neartú agus a chomhtháthú. Tá sé ríthábhachtach go dtiocfar ar chomhaontú maidir le sraith iomlán na n-athchóirithe tearmainn agus imirce atá á gcaibidliú faoi láthair. 

Gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac

An 19 Nollaig 2022, mhol an Coimisiún go neartófaí na rialacha lena ndéantar gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac.

Leis na rialacha nuashonraithe, beidh sé níos éasca d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha cineálacha nua dúshaothraithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus cuidiú le híospartaigh a shainaithint agus tacú leo.

Infographic on EUs prevention and combatting of human trafficking

Imirce lucht oibre oilte

Trí bhealaí dlíthiúla a fhorbairt, cuidítear leis an imirce neamhrialta a laghdú agus is féidir geilleagair na hEorpa a neartú leis. Chuige sin, i mí Dheireadh Fómhair 2022 sheol an Coimisiún an chéad ardán uile-Aontais darb aidhm an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí do náisiúnaigh tíortha nach den Aontas iad atá ag lorg deiseanna fostaíochta san Aontas. Cuideoidh sé le fostóirí an Aontais an tallann a theastaíonn uathu a aimsiú agus dálaí oibre maithe a chinntiú.

Chomh maith leis sin, chun imirce oilte lucht saothair ó thíortha nach Ballstáit iad chuig an Aontas a chur chun cinn agus chun a chinntiú go ndéantar dea-bhainistiú air agus é a dhíriú ar na háiteanna ina bhfuil gá le lucht saothair agus scileanna, sheol an Coimisiún an tArdán maidir le hImirce Lucht Saothair i mí Eanáir 2023.

An glao daonnúil a fhreagairt

Agus tacaíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo á tabhairt ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin, san am céanna lean sé de chabhair dhaonnúil a chur ar fáil ar fud an domhain dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu léi. Le bliain anuas, lean an leibhéal ard riachtanas daonnúil, a bhí ar an leibhéal is airde riamh cheana féin, de bheith ag ardú ar fud an domhain. D’fhógair na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún, maoiniú daonnúil tosaigh €8.4 billiún le haghaidh 2023, mar léiriú nithiúil ar an dlúthpháirtíocht dhomhanda agus ar an ról ceannasach atá ag an Aontas sa ghníomhaíocht dhaonnúil.

Doiciméid

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 8 Meán Fómhair 2023

Dul chun cinn i réimsí eile