Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Installation of solar panels on the Berlaymont building
Infheistíocht a dhéanamh i rathúnas na hEorpa

Na príomhnithe atá bainte amach

Ár neamhspleáchas fuinnimh a fháil ar ais

Ní hamháin gur chuir an Rúis cogadh i gcoinne na hÚcráine, ach chuir sí cogadh i gcoinne gheilleagar na hEorpa chomh maith trí sholáthairtí fuinnimh a úsáid mar arm. Le REPowerEU, táimid ag cur deireadh lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis agus neamhspleáchas fuinnimh inbhuanaithe fadtéarmach na hEorpa á fháil ar ais agus á chinntiú.

Iarracht aontaithe Eorpach a bhí i gceist leis sin. D’oibrigh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun a chinntiú go bhfuil soláthar leordhóthanach gáis ag gach tír, agus d’oibrigh an tAontas chun a soláthar fuinnimh a éagsúlú ar phraghsanna inacmhainne.

Coigilteas fuinnimh an Aontais

Text version below

Ardán Fuinnimh an Aontais

Ardán Fuinnimh an Aontais curtha ar bun ag an gCoimisiún freisin chun a eagrú go gceannófaí gás go comhpháirteach do na Ballstáit den chéad uair, in éineacht leis an tSeoirsia, an Moldóiv, an Úcráin agus tíortha sna Balcáin Thiar. Leis an gceannach sin a rinneadh go comhpháirteach, bhíomar in ann, den chéad uair, ár gcumhacht chomhchoiteann pholaitiúil agus mhargaidh a úsáid chun cur lenár n-údarás margála agus chun soláthar gáis agus GNL a dhaingniú trí éileamh a chomhthiomsú agus trí sholáthróirí a mhealladh.

Dlús a chur leis an aistriú glas agus an dúlra a chosaint

Mar phríomhcholún de REPowerEU, tá dul chun cinn mór déanta maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite le linn na géarchéime fuinnimh, agus tháinig méadú faoi dhó ar úsáid foinsí in-athnuaite ar fud an Aontais in 2022.

Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh ar tí dlús a chur le húsáid fuinnimh fhótavoltaigh a thuilleadh, agus tá an tAontas ar thús cadhnaíochta i bhforbairt geilleagair dhomhanda hidrigine agus tá Pacáiste Dícharbónaithe Hidrigine agus Gáis ar na bacáin.

 

Text version below

Chun coinneáil suas leis an luas sa rás i dtreo na glan-nialasachta, agus chun iomaíochas thionscal an Aontais a threisiú, nocht an Coimisiún Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais an 1 Feabhra 2023.

I mí an Mhárta, tugadh isteach trí phríomhthionscnamh a thacaíonn le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais

Leanamar freisin de bheith ag troid chun an dúlra a athbhunú ar fud an Aontais tríd an Dlí um Athbhunú an Dúlra atá beartaithe le déanaí agus tríd an bPlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Idir an dá linn, tá reachtaíocht glactha againn a chinnteoidh nach mbeidh táirgí neamh-inbhuanaithe ar sheilfeanna ár n-ollmhargaí le dlí an Aontais maidir le dífhoraoisiú, agus tá dul chun cinn déanta againn maidir lenár spriocanna le haghaidh ‘Oiriúnach do 55’ a bhaint amach.

Tuairimí mhuintir na hEorpa maidir leis an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol

  • Dar le 94% díobh, tá cosaint an chomhshaoil tábhachtach dóibh
  • Aithníonn 68% díobh go mbíonn tionchar diúltach ag a bpátrúin tomhaltais ar an gcomhshaol, laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain araon

Beidh tionchar ag an aistriú seo ar fheirmeoirí agus ar phobail tuaithe ar ndóigh. Tacóidh Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) 2023-27 a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana, le feirmeoirí bia atá sábháilte, ar ardchaighdeán agus inbhuanaithe a tháirgeadh, agus beogacht agus éagsúlacht na bpobal tuaithe á gcaomhnú san am céanna.

Deich mBliana Digiteacha na hEorpa a Chur i gCrích

Tá cruth nua ag teacht ar ár ngeilleagar ar luas lasrach de bharr na nuálaíochta digití, agus tá an tAontas ag coinneáil suas léi. Tá teacht réabhlóid na hintleachta saorga linn go deimhin, agus is mar gheall air sin gur chuir an Coimisiún an Gníomh um an Intleacht Shaorga ar aghaidh cheana féin i mí Aibreáin 2021. Cinnteofar leis sin go mbeidh córais intleachta saorga san Aontas sábháilte, trédhearcach, eiticiúil, neamhlaofa agus faoi rialú an duine.

Tháinig Parlaimint na hEorpa agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú maidir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna i mí an Mhárta, agus d’fhormheas an Chomhairle go foirmiúil an rialachán chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú ag deireadh mhí Iúil. Ó thaobh sonraí de, an ceann feadhna ar gheilleagar digiteach na hEorpa, táimid ag déanamh ár ndícheall chun go mbeidh an tAontas ina cheannaire ar shochaí shonraíbhunaithe, tríd an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí. Ar ábhar an gheilleagair, le bliain anuas chuir an Coimisiún dhá thogra nua ar aghaidh chun íocaíochtaí agus an earnáil airgeadais i gcoitinne a thabhairt isteach sa ré dhigiteach freisin.

Infheistíocht a dhéanamh i micrileictreonaic

Text version below

Baineadh garsprioc eile amach i mí na Samhna 2022, nuair a ghlac ardáin ar líne níos mó freagrachta orthu féin as an díobháil a mhaolú agus as cearta úsáideoirí a chosaint, trí theacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha. Chun an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú, sheol an Coimisiún an Lárionad Eorpach um Thrédhearcacht Algartamach (ECAT) i mí Aibreáin 2023 a óstáiltear in Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin. 

An mhí chéanna, feabhsaíodh cothroime agus inchoimhlinteacht sna margaí digiteacha tríd an nGníomh um Margaí Digiteacha a fhorfheidhmiú.

Ár Margadh Aonair agus ár ngeilleagar sóisialta margaidh a neartú

I mbliana, rinneamar comóradh 30 bliain ar an Margadh Aonair – arb é bunchloch iomaíochas leanúnach na hEorpa é. I mí an Mhárta leag an Coimisiún cur chuige nua fadtéarmach amach faoin gcaoi ar féidir leis an Aontas cur lena láidreachtaí trí ghnólachtaí gnólachtaí rathúla a chothú a bheidh ábalta dul san iomaíocht ar an margadh domhanda trí phoist mhealltacha agus caighdeáin dhomhanda a leagan síos.

Tá bearta eile molta againn chun tacú leis an Margadh Aonair agus é a neartú a thuilleadh i mbliana freisin. I mí na Bealtaine, mholamar an t-athchóiriú is cuimsithí agus is uaillmhianaí riamh ar an Aontas Custaim ó bunaíodh é in 1968. An mhí roimhe sin mholamar rialacha nua maidir le paitinní a chruthóidh creat um chearta maoine intleachtúla a bheidh níos trédhearcaí, níos éifeachtaí agus níos sláine i bhfad na haimsire.

Leanann geilleagar an Aontais d’athléimneacht mhór a léiriú le linn na suaití eacnamaíocha le blianta beaga anuas. In 2022, tháinig feabhas 3.4% ar an ráta fáis, rud a bhí an-suntasach. Thacaigh margadh saothair láidir leis an bhforbairt, agus bhí rátaí dífhostaíochta ar na leibhéil is ísle riamh agus méadú ag teacht ar an bhfostaíocht. Bhí an toradh sin ann de bharr na gníomhaíochta cinntithí a ghlac an tAontas agus a Bhallstáit. 

Ar ndóigh, lenár samhail uathúil Eorpach, ní hamháin go dtugtar tús áite do dheiseanna tráchtála ach do leas na sochaí freisin, rud a chuireann daoine i gcroílár ár ngeilleagair. Chuige sin, ós rud é go gcreidimid go diongbháilte i gcumhacht an idirphlé shóisialta, tá bearta molta againn a neartóidh an t-idirphlé sóisialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. San am céanna, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil ár líontáin sábháilteachta sóisialta oiriúnach don fheidhm. Is mar gheall air sin go gcuirimid moltaí ar aghaidh chun ioncam íosta leordhóthanach a chinntiú ar fud Bhallstáit an Aontais.

Is é atá mar bhonn taca leis an méid sin ar fad an gá atá ag an Eoraip infheistíocht mhór a dhéanamh san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, rud atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú déimeagrafach. Sin an fáth ar thugamar ‘An Bhliain Eorpach um Scileanna’ ar an mbliain 2023, ar leithdháil na Ballstáit thart ar €65 bhilliún i gcistí an Aontais ina leith.

An Comhshocrú um Scileanna - Eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a thabhairt le chéile

Text version below

 

NextGenerationEU agus borradh a chur faoin infheistíocht Eorpach

In 2022 agus 2023, chuireamar tús lenár gcomhinfheistíocht Eorpach €800 billiún in NextGenerationEU a mbeidh tionscadail fhollasacha ar an talamh i gceist leis, chun Eoraip inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch a chruthú, chun rathúnas a ráthú do mhuintir uile na hEorpa.

Global Gateway agus borradh a chur faoin infheistíocht dhomhanda

Tá ról lárnach ag an Aontas i gcónaí maidir le geilleagar domhanda a thógáil a bheidh athléimneach, inbhuanaithe agus ag fás do chách. Le Global Gateway, ar plean €300 billiún le haghaidh infheistíochtaí ar fud an domhain é, tá an Coimisiún ag tacú le tionscadail bhonneagair den scoth a chruthaíonn post, fás a mhaireann agus luach go háitiúil.

Baineann leath de ghealltanas iomlán Chomhpháirtíocht G7 um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda le Global Gateway

Baineadh amach an chéad gharsprioc de Global Gateway leis an bPacáiste Infheistíochta idir an Afraic agus an Eoraip. Tá leath de na hinfheistíochtaí tosaigh ó Global Gateway, thart ar €150 billiún, dírithe ar an gcomhar a threisiú le comhpháirtithe san Afraic. Ó shin, chuireamar tús le cur chun feidhme Global Gateway san Áise agus san Aigéan Ciúin, agus i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, áiteanna ar fhógair an tUachtarán von der Leyen go ndéanfadh an t-Aontas Eorpach agus a Bhallstáit infheistíocht € 45 bhilliún iontu.

Clár oibre trádála na hEorpa a athsheoladh

Na Comhairlí Trádála agus Teicneolaíochta

De réir mheon an chomhoibrithe idirnáisiúnta, tá Comhairlí Trádála agus Teicneolaíochta bunaithe ag an Aontas in éineacht leis na Stáit Aontaithe agus an India chun comhpháirtíochtaí táirgiúla a chothú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna.

Trádáil dhomhanda

D’ainneoin an tsuaite ar shlabhraí soláthair arb í an phaindéim agus cogadh foghlach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ba chúis leo, tá go leor bainte amach againn maidir le hoscailteacht trádála a chur chun cinn trí éachtaí follasacha a bhaineann le teagmháil a dhéanamh le príomh‑chomhpháirtithe trádála. Go háirithe, tugadh an chaibidlíocht maidir le comhaontuithe saorthrádála i gcrích go rathúil leis an tSile agus an Nua-Shéalainn, agus leanadh den chaibidlíocht leis an Astráil, Mercosur, Meicsiceo, an India agus an Indinéis.

Slándáil eacnamaíoch

An 20 Meitheamh, chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí Straitéis Eorpach nua um an tSlándáil Eacnamaíoch i láthair. Dírítear sa straitéis ar íoslaghdú a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn as sreafaí eacnamaíocha áirithe i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil méadaithe agus athruithe teicneolaíochta brostaithe, agus uasleibhéil oscailteachta eacnamaíche agus fuinnimh á gcaomhnú san am céanna.

Doiciméid

 

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 8 Meán Fómhair 2023

Dul chun cinn i réimsí eile