Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Banner leading just transition
An t-aistriú cóir a stiúradh

Gan aon Eorpach a fhágáil ar lár

Daoine a chur
ag obair arís
6 mhilliún
post cruthaithe san Aontas in 2021
An dáta dífhostaíochta is ísle riamh
6% i mí an Mheithimh 2022

An téarnamh tar éis na paindéime

€92 bhilliún
de chúnamh airgeadais
eisíocadh an méid sin le 19 mBallstát chun tairbhe dhíreach na bhfaighteoirí
Thart ar 31 mhilliún duine
agus 2.5 milliún gnólacht
san Aontas a fuair tacaíocht ó SURE in 2020 amháin
Beagnach 30%
den fhostaíocht iomlán agus an ceathrú cuid de na gnólachtaí ar fad
fuair siad tacaíocht ó SURE sna 19 dtír is tairbhithe

Uirlisí breise le haghaidh téarnamh eacnamaíoch ionchuimsitheach

Ionstraim théarnaimh shealadach dar luach €800 billiún is ea NextGenerationEU a chuidíonn chun leigheas a chur ar an dochar eacnamaíoch agus sóisialta láithreach atá déanta ag paindéim an choróinvíris. Tacaíonn sé le fiontair agus le forbairt gnó, neartaíonn sé córais cúraim sláinte, maoiníonn sé cláir oiliúna agus scéimeanna fostaíochta, agus cuireann sé trealamh agus ábhar scoile ar fáil dóibh siúd is mó atá i ngátar. Tá REACT-EU ar cheann de na cláir is mó faoin ionstraim nua NextGenerationEU agus is clár é a chuireann an téarnamh chun cinn ar fud an Aontais trí bhorradh a chur faoin bhfás i réigiúin bheagfhorbartha.

Ar deireadh, geilleagar sóisialta margaidh láidir a thugann tús áite d’fholláine na ndaoine, sin é an múnla is athléimní le haghaidh domhan iarphaindéime atá spreagtha ag an teicneolaíocht. Sin an fáth ar glacadh plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i mí an Mhárta 2021. Moltar sa phlean sin na trí phríomhsprioc uaillmhianacha seo a leanas de chuid an Aontais do 2030.

78%
den daonra
idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe faoi 2030
60%
de dhaoine fásta
a bheith rannpháirteach i gcúrsaí oiliúna gach bliain faoi 2030
15 mhilliún
Laghdú 15 mhilliún ar a laghad
ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta

An tallann a thabhairt chun blátha

I mí an Mheithimh 2022 ghlac an Chomhairle moltaí maidir le cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir. Chun a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ina foras den chéad scoth maidir leis an oideachas, tá straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna seolta ag an gCoimisiún, straitéis a chuirfidh go mór le hiomaíochas ár gcóras ardoideachais trí chomhar trasnáisiúnta níos doimhne agus ar scála níos mó.

Dálaí oibre a fheabhsú

Is é is aidhm don mholadh a chinntiú go dtabharfar stádas dlíthiúil fostaíochta do dhaoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha, stádas a fhreagraíonn dá socruithe oibre iarbhír, agus a chinntiú gur féidir leo leas a bhaint as na cearta saothair agus na sochair shóisialta a bhfuil siad ina dteideal.

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022

Dul chun cinn i réimsí eile

Footer banner SOTEU 2022
An méid a baineadh amach

le linn Choimisiún von der Leyen