Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Staid an Aontais 2021

Gach bliain tugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-aitheasc ar Staid an Aontais

An bealach ar aghaidh á leagan amach le haghaidh na bliana atá romhainn

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 15 Meán Fómhair 2021, leag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, amach tionscnaimh shuaitheanta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt fúthu le linn na bliana amach romhainn. Ina measc sin beidh an méid seo a leanas:

  • Leanúint leis na hiarrachtaí vacsaínithe san Eoraip agus dlús a chur leis an vacsaíniú ar fud an domhain, chomh maith leis an ullmhacht le haghaidh paindéime a neartú
  • Obair a dhéanamh chun bearna an mhaoinithe don aeráid a dhúnadh i gcomhar lenár gcomhpháirtithe domhanda
  • A bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an aistriú digiteach lena gcruthófar poist agus lena spreagfar iomaíochas, agus ag cinntiú barr feabhais teicniúil agus slándáil an tsoláthair ag an am céanna
  • Dálaí oibre níos cothroime agus cúram sláinte níos fearr a chinntiú, agus tuilleadh deiseanna a chruthú le go mbeidh óige na hEorpa in ann tairbhe a bhaint as geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa
  • Dlús a chur lenár gcomhar maidir leis an tslándáil agus cosaint, agus comhpháirtíocht an Aontais a dhaingniú leis na comhghuaillithe is dlúithe dúinn
  • Luachanna agus saoirsí na hEorpa a chosaint, agus an smacht reachta a chosaint
14 MEÁN FÓMHAIR 2022
Staid an Aontais 2021 – Óráid an Uachtaráin von der Leyen
14 MEÁN FÓMHAIR 2022
State of the Union 2021 - President von der Leyen's speech, multilingual version

 

Tionscnaimh bheartaithe

An 15 Meán Fómhair, chuir Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Litir Intinne chuig David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus chuig an bPríomh-Aire Janez Janša, ina cáil mar cheannaire ar Uachtaránacht na Comhairle, inar thug sí mionchuntas ar na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh le linn na bliana amach romhainn trí bhíthin reachtaíochta agus tionscnaimh eile.

 

15 MEÁN FÓMHAIR 2021
Staid an Aontais 2021 – Litir intinne an Uachtaráin von der Leyen

 

Coimisiún von der Leyen: An méid a baineadh amach 2020-2021

Tar éis ceann de na blianta ba dheacra i stair na hEorpa, tá sí anois ag féachaint roimpi le dóchas as an nua.

Ó bhí fómhar 2020 ann, táimid buailte ag an bpaindéim arís agus í níos géire ná mar a bhí roimhe. Mar fhreagairt air sin, ghéaraigh an tAontas Eorpach go mór ar a chuid oibre – go háirithe maidir le vacsaíní a fháil do mhuintir na hEorpa go léir, an comhar idirnáisiúnta a neartú i gcoinne na paindéime, agus an Eoraip a threorú amach as an ngéarchéim agus i dtreo an téarnaimh le NextGenerationEU. 

Anseo thíos tá dearcadh cúlghabhálach ar an mbliain seo caite. Clúdaíonn sé na hiarrachtaí chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 agus an obair a rinneadh chun na tosaíochtaí polaitiúla go léir a bhaint amach, an Comhaontú Glas don Eoraip agus Deacáid Dhigiteach na hEorpa, cuir i gcás, agus ár ngníomhaíochtaí maidir leis an tslándáil, an daonlathas agus sláinte shaoránaigh na hEorpa.

10 MEÁN FÓMHAIR 2021
Staid an Aontais 2021 – An méid a baineadh amach 2020-2021

 

Príomhphointí

  1. Lúnasa 2021
    • Tugadh 522.4 milliún dáileog vacsaíne san Aontas ó bhí mí na Nollag 2020 ann, breis agus tá 250 milliún saoránach de chuid an Aontais vacsaínithe go hiomlán. (25 Lúnasa)
  2. Iúil 2021
    • Coireacht eacnamaíoch a shárú: rinne an Coimisiún ollchóiriú ar rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. (20 Iúil)
    • Smacht Reachta 2021: léiríodh i dtuarascáil de chuid an Aontais go ndearnadh dul chun cinn dearfach sna Ballstáit ach go raibh cúis mhór imní ann freisin. (20 Iúil)
    • Ghlac an Coimisiún Straitéis nua Foraoise an Aontais arb é is aidhm di a chinntiú go mbíonn foraoisí folláine agus athléimneacha ann a chuirfidh go mór leis an mbithéagsúlacht agus le cuspóirí aeráide. (16 Iúil)
    • Ghlac an Coimisiún pacáiste tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, úsáide talún, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glan-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. (14 Iúil)
    • Chun cur lena uaillmhian maidir leis an maoiniú inbhuanaithe, ghlac an Coimisiún an togra maidir le Caighdeán Bannaí Glasa an Aontais, togra lena gcruthaítear caighdeán deonach ardcháilíochta maidir le bannaí lena maoinítear infheistíocht inbhuanaithe. (6 Iúil)
  3. Meitheamh 2021
    • Ag an gCruinniú Mullaigh sa Bhruiséil, thug ceannairí an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe gealltanas go gcuirfeadh siad deireadh le paindéim COVID-19 agus go gcuirfeadh siad dlús leis an téarnamh domhanda. (15 Meitheamh)
    • Mhol an Coimisiún creat maidir le céannacht dhigiteach Eorpach iontaofa agus slán a bheidh ar fáil do shaoránaigh, cónaitheoirí agus gnólachtaí uile an Aontais. (3 Meitheamh)
    • Chuir an Coimisiún i láthair straitéis nua chun an limistéar saorthaistil is mó ar domhan – limistéar Schengen – a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní. (2 Meitheamh)
    • Seoladh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, rud a chuir tús le ré nua sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann. (1 Meitheamh)
  4. Bealtaine 2021
    • Dhaingnigh gach Ballstát an cinneadh maidir le hacmhainní dílse, rud lenar cumasaíodh an Coimisiún tús a chur le hiasachtaí a fháil chun an téarnamh faoi NextGenerationEU a mhaoiniú. (31 Bealtaine)
    • Leag an tAontas amach pacáiste tacaíochta eacnamaíche €3 bhilliún a rachaidh chun tairbhe don Bhealarúis nuair a bheidh sí ina tír dhaonlathach amach anseo. (28 Bealtaine)
    • Chuir an Coimisiún i láthair treoir chun neartú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, an chéad uirlis dá leithéid ar domhan. (26 Bealtaine)
    • Íocadh amach €14.1 billiún le 12 Bhallstát faoin seachtú tráthchuid de thacaíocht airgeadais faoin ionstraim SURE. Faoin tráth sin bhí suas le 30 milliún oibrí agus 2.5 milliún gnólacht tar éis tairbhe a bhaint as SURE. Chuir an tAontas tuairim is €90 billiún san iomlán ar fáil do 19 mBallstát cheana. (25 Bealtaine)
    • Ag an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda, a chomhóstáil Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen agus Príomh-Aire na hIodáile Mario Draghi, thug ceannairí G20 gealltanas sraith beart a dhéanamh chun dlús a chur le deireadh ghéarchéim COVID-19 ar fud an domhain agus chun gur fearr a bheifear ullmhaithe do phaindéimí eile amach anseo. (21 Bealtaine)
    • D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen tionscnamh de chuid Team Europe dar luach €1 bhilliún maidir le monaraíocht agus rochtain ar vacsaíní, ar chógais agus ar theicneolaíochtaí sláinte san Afraic. (21 Bealtaine)
    • Chomhaontaigh Ballstáit an Aontais go dtabharfaí cead isteach san Aontas arís do thaistealaithe vacsaínithe ó thíortha lasmuigh den Aontas. (20 Bealtaine)
    • Shínigh an Coimisiún an tríú conradh leis na comhlachtaí cógaisíochta BioNTech agus Pfizer lena gcoinneofar siar 1.8 billiún dáileog bhreise dá vacsaín thar ceann na mBallstát uile idir deireadh 2021 agus 2023. (20 Bealtaine)
    • Glacadh teachtaireacht maidir le cánachas gnó don 21ú haois chun córas cánach gnó atá láidir, éifeachtúil agus cothrom a chur chun cinn san Aontas. (18 Bealtaine)
    • An Comhaontú Glas don Eoraip: Mhol an Coimisiún geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas le haghaidh tionscail agus earnálacha a bhfuil baint acu leis na haigéin, na mara agus na cóstaí. (17 Bealtaine)
    • Ag an gCruinniú Mullaigh maidir le Geilleagair na hAfraice a Mhaoiniú, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen tionscnamh de chuid Team Europe chun tacú le téarnamh na hAfraice ó phaindéim COVID-19. (15 Bealtaine)
    • Chun an tAontas a stiúradh i dtreo na sprice a leagadh síos le haghaidh 2050 maidir le pláinéad folláin le haghaidh daoine folláine, ghlac an Coimisiún Plean gníomhaíochta an Aontais um ‘Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’. (12 Bealtaine)
    • Ar Lá na hEorpa 2021 reáchtáladh an chéad ócáid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa in Strasbourg. (9 Bealtaine)
    • Ag an gCruinniú idir Ceannairí an Aontais agus na hIndia a reáchtáladh in Porto agus trí fhíschomhdháil, thug an tAontas agus an India i gcrích comhpháirtíocht chuimsitheach nascachta, rud lenar deimhníodh a dtiomantas comhoibriú chun tacú le nascacht athléimneach inbhuanaithe san India agus i dtríú tíortha agus réigiúin araon. (8 Bealtaine)
    • Ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto gheall institiúidí an Aontais, na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a seacht ndícheall a dhéanamh chun Eoraip níos ionchuimsithí agus níos sóisialta a thógáil. (7-8 Bealtaine)
    • Rinneadh nuashonrú ar straitéis an Aontais maidir le tionsclaíocht chun a chinntiú go gcuirfear san áireamh i bhfís an Aontais maidir le tionsclaíocht go mbeidh cúinsí nua ann i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 agus go spreagfar an claochlú chun geilleagar a chur ar bun atá níos inbhuanaithe, níos digití, níos athléimní agus níos iomaíche ar fud an domhain. (5 Bealtaine)
  5. Aibreán 2021
    • Maoiniú inbhuanaithe agus tacsanomaíocht an Aontais: rinne an Coimisiún bearta breise chun airgead a chur i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe. (21 Aibreán)
    • Mhol an Coimisiún rialacha agus gníomhaíochtaí nua maidir le barr feabhais na hintleachta saorga agus iontaoibh inti chun mol domhanda na hintleachta saorga iontaofa a dhéanamh den Aontas. (21 Aibreán)
    • Leis an gcomhaontú comhpháirtíochta nua idir an tAontas agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, leagadh amach an creat um chomhar polaitiúil, eacnamaíoch agus earnálach do na 20 bliain atá le teacht. (15 Aibreán)
    • Chun cur isteach ar shamhlacha gnó trasteorann na n-eagraíochtaí coiriúla, chuir an Coimisiún i láthair straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe, chomh maith le straitéis nua maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, arb é is aidhm díobh cuidiú chun an choireacht a chosc, gáinneálaithe a thabhairt os comhair na cúirte agus íospartaigh a chumasú. (14 Aibreán)
  6. Márta 2021
    • An Comhaontú Glas don Eoraip: chuir an Coimisiún i láthair bearta chun borradh a chur faoin táirgeadh orgánach. (25 Márta)
    • Leag an tAontas amach creat beartais nua cuimsitheach chun a chinntiú go ndéanfaí cearta na leanaí uile a chosaint, agus mhol sé Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur ar bun. (24 Márta)
    • Seoladh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach chun nuálaíochtaí ceannródaíocha a dhéanamh de smaointe eolaíocha. (18 Márta)
    • Mhol an Coimisiún go gcruthófaí deimhniú digiteach chun an tsaorghluaiseacht shábháilte a éascú san Aontas le linn phaindéim COVID-19. (17 Márta)
    • Údaraíodh an ceathrú vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 lena húsáid san Aontas. (11 Márta)
    • Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Sassoli, Príomh-Aire na Portaingéile, António Costa, thar ceann Uachtaránacht na Comhairle, agus Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, shínigh siad an Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. (10 Márta)
    • Deacáid Dhigiteach na hEorpa: leag an Coimisiún amach an bealach i dtreo Eoraip a bheidh cumhachtaithe go digiteach faoi 2030. (9 Márta)
    • Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta leagadh amach uaillmhian le haghaidh Eoraip láidir shóisialta. (4 Márta)
    • Trédhearcacht pá: chuir an Coimisiún togra i láthair maidir le trédhearcacht pá chun a chinntiú go bhfaighidh mná agus fir san Aontas pá comhionann as obair chomhionann. (4 Márta)
    • Aontas an chomhionannais: chuir an Coimisiún i láthair a straitéis le haghaidh na tréimhse 2021–2030 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, chun a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a chinntiú. (3 Márta)
  7. Feabhra 2021
    • Ag Cruinniú Mullaigh G7 d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen dúbláil ar ranníocaíocht an Aontais le COVAX, saoráid an domhain le haghaidh rochtain chothrom uilíoch ar vacsaíní, ó €500 milliún go €1 bhilliún. (19 Feabhra)
    • Leag an Coimisiún amach beartas trádála oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach de chuid an Aontais do na blianta atá le teacht. (18 Feabhra)
    • Cuireadh straitéis nua i láthair chun rannchuidiú an Aontais leis an iltaobhachas riailbhunaithe a neartú. (17 Feabhra)
    • Mhol an Coimisiún plean ullmhachta bithchosanta, an ghorlann HERA, chun an Eoraip a ullmhú don bhagairt a bhaineann le hathraithigh nua. (17 Feabhra)
    • Dheimhnigh Parlaimint na hEorpa an comhaontú polaitiúil maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an phríomhionstraim atá i gcroílár NextGenerationEU. (10 Feabhra)
    • Mhol an tAontas clár oibre nua don Mheánmhuir chun an chomhpháirtíocht straitéiseach lena chomhpháirtithe i gComharsanacht an Deiscirt a neartú. (9 Feabhra)
  8. Eanáir 2021
    • D’údaraigh an Coimisiún an tríú vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19. (29 Eanáir)
    • Chuir an Coimisiún sásra um thrédhearcacht agus údarú ar bun chun vacsaíní in aghaidh COVID-19 a easpórtáil. (29 Eanáir)
    • Sheol an Coimisiún céim an deartha den tionscnamh ‘Bauhaus Eorpach Nua’, lena bhféachtar le dearadh, inbhuanaitheacht agus infheistíocht a chur le chéile chun cuidiú chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích. (18 Eanáir)
  9. Nollaig 2020
    • Rinneadh na chéad Eorpaigh a vacsaíniú in aghaidh COVID-19. (27 Nollaig)
    • Tar éis dianchaibidlíochta, tháinig an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe maidir le téarmaí an chaidrimh a bheidh ann amach anseo leis an Aontas Eorpach. (24 Nollaig)
    • D’údaraigh an Coimisiún an chéad vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19. (21 Nollaig)
    • Glacadh buiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh na tréimhse 2021– 2027 sa Chomhairle, buiséad ar fiú €1.211 trilliún é i bpraghsanna reatha. (17 Nollaig)
    • An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha: moladh athchóiriú uaillmhianach ar an spás digiteach, chomh maith le sraith chuimsitheach rialacha nua maidir leis na seirbhísí digiteacha go léir. (15 Nollaig)
    • An Comhaontú Glas don Eoraip: Rinneadh moladh le haghaidh rialachán maidir le ceallraí inbhuanaithe i dtaca le geilleagar ciorclach aeráidneodrach. (10 Nollaig)
    • Chuir an Coimisiún i láthair plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach chun saoránaigh a chumasú agus chun daonlathais níos athléimní a thógáil ar fud an Aontais. (3 Nollaig)
    • An caidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: mhol an tAontas clár oibre trasatlantach réamhbhreathnaitheach nua maidir leis an gcomhar domhanda. (2 Nollaig)
  10. Samhain 2020
    • Cuireadh plean gníomhaíochta maidir le hinscne chun tosaigh chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn ar fud gach gné de ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. (25 Samhain)
    • D’fhormheas an Coimisiún an conradh leis an gcuideachta chógaisíochta Moderna, lena ndéantar foráil le haghaidh ceannach tosaigh 80 milliún dáileog thar ceann na mBallstát ar fad, chomh maith leis an rogha suas le 80 milliún dáileog bhreise a iarraidh. (25 Samhain)
    • Chuir an Coimisiún i láthair an chéad straitéis de chuid an Aontais maidir le comhionannas LADTIA. (12 Samhain)
    • D’fhormheas an Coimisiún an conradh leis na cuideachtaí cógaisíochta BioNTech agus Pfizer, lena ndéantar foráil le haghaidh ceannach tosaigh 200 milliún dáileog thar ceann na mBallstát ar fad, chomh maith leis an rogha suas le 100 milliún dáileog bhreise a iarraidh. (11 Samhain)
    • Seoladh an clár oibre nua do thomhaltóirí chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí an Aontais ról gníomhach a bheith acu san aistriú glas agus san aistriú digiteach. (11 Samhain)
    • Glacadh na céimeanna tosaigh i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa a chur ar bun, rud a chinnteoidh gur fearr a bheidh an ullmhacht agus an fhreagairt le linn na géarchéime sláinte atá ann anois agus lena linn siúd a bheidh ann amach anseo. (11 Samhain)
  11. Deireadh Fómhair 2020
    • Bheartaigh an Coimisiún treoir Eorpach chun a chinntiú go mbeidh íosphá leordhóthanach ann chun oibrithe san Aontas a chosaint, ionas gur féidir leo caighdeán maireachtála sásúil a bheith acu beag beann ar an áit a n-oibríonn siad. (28 Deireadh Fómhair)
    • Íocadh amach €17 mbilliún leis an Spáinn, leis an Iodáil agus leis an bPolainn i leith na chéad tráthchoda de thacaíocht airgeadais do na Ballstáit faoin ionstraim SURE. Faoin tráth sin bhí suas le 30 milliún oibrí agus 2.5 milliún gnólacht tar éis tairbhe a bhaint as SURE. Chuir an tAontas tuairim is €90 billiún san iomlán ar fáil do 19 mBallstát cheana. (27 Deireadh Fómhair)
    • D’eisigh an Coimisiún Eorpach an chéad bhanna sóisialta dar luach €17 mbilliún faoi ionstraim SURE an Aontais le cuidiú chun poist a chosaint agus daoine a choimeád ina bpost. (21 Deireadh Fómhair)
    • An Comhaontú Glas don Eoraip: ghlac an Coimisiún straitéis nua ceimiceán chun oibriú i dtreo comhshaol atá saor ó thocsainí. (14 Deireadh Fómhair)
    • D’fhormheas an Coimisiún an conradh leis an gcuideachta chógaisíochta Janssen Pharmaceutica NV lena gceadaítear do na Ballstáit vacsaíní a cheannach i gcomhair 200 milliún duine agus an deis a bheith acu vacsaíní a cheannach i gcomhair 200 milliún duine breise. Thug an Coimisiún an chéad chomhaontú leis an gcuideachta chógaisíochta AstraZeneca i gcrích cheana féin an 14 Lúnasa. Ba é an an comhaontú sin an bunús chun 300 milliún dáileog den vacsaín a cheannach, agus an rogha ann 100 milliún eile a cheannach thar ceann na mBallstát. (8 Deireadh Fómhair)
    • Ghlac an Coimisiún plean nua 10 mbliana chun tacú leis na Romaigh san Aontas. (7 Deireadh Fómhair)
    • Glacadh plean cuimsitheach eacnamaíoch agus infheistíochta chun dlús a chur le téarnamh fadtéarmach na mBalcán Thiar agus chun an lánpháirtiú réigiúnach a chothú. (6 Deireadh Fómhair)
  12. Meán Fómhair 2020
    • Ghlac an Coimisiún Eorpach pacáiste maidir leis an airgeadas digiteach, pacáiste ina gcuimsítear straitéis maidir leis an airgeadas digiteach agus tograí reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus leis an athléimneacht dhigiteach – is pacáiste é a glacadh ar mhaithe le hearnáil airgeadais iomaíoch san Aontas a thugann rochtain do thomhaltóirí ar tháirgí airgeadais nuálacha agus, ag an am céanna, a chinntíonn cosaint na dtomhaltóirí agus an chobhsaíocht airgeadais. (24 Meán Fómhair)
    • Cuireadh i láthair Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann lena bhfuil sé beartaithe nósanna imeachta níos fearr agus níos tapa a thabhairt isteach ar fud chóras an tearmainn agus na himirce agus lena ndéantar prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa a chothromú. (23 Meán Fómhair)
    • Aontas an Chomhionannais: chuir an Coimisiún chun tosaigh an chéad phlean gníomhaíochta de chuid an Aontais maidir le frithchiníochas. (18 Meán Fómhair)
21 IÚIL 2022
Staid an Aontais 2021 – Amlíne

 

Doiciméid

21 IÚIL 2022
Staid an Aontais 2021 – Bróisiúr Gaeilge

 

Bileoga eolais