Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
graphical banner with circles for state of the union
Déimeagrafaíocht, óige agus éagsúlacht na hEorpa

Athrú a éascú

Saol nua

Oiriúnú do dhaonra atá ag dul in aois

Tá athrú ollmhór déimeagrafach ag teacht ar an Eoraip le tamall agus tá sé go fóill ar siúl. San Aontas, an t-ionchas saoil atá ann tráth breithe, tá méadú 10 mbliana tagtha air le caoga bliain anuas. Is éacht é sin, agus léiríonn sé neart agus luach ár ngeilleagar sóisialta margaidh. Mar sin féin, tá tionchar ag an daonra atá ag dul in aois ar an tslí a mairimid, agus is gá ár múnla sóisialta agus ár mbeartais a chur in oiriúint do luas an tsaoil nua seo.

Cad é atá á dhéanamh ag an gCoimisiún mar fhreagairt?

  • an Páipéar Uaine maidir le hAosú a ghlacadh go luath sa tréimhse oifige
  • tús a chur le díospóireacht leathan phoiblí ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le tionchair fhadtéarmacha an aosaithe, rud a imríonn tionchar ar gach glúin. Léireofar toradh an chomhairliúcháin phoiblí sa straitéis Eorpach um chúram a chuirfear i láthair i mí Mheán Fómhair 2022

Borradh a chur faoi cheantair thuaithe

Bíonn ról gníomhach ag ceantair thuaithe in aistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais. An tsaoirse chun dul i mbun oibre nó staidéar a dhéanamh go cianda, tá sé sin ag teacht chun cinn go gasta do go leor daoine atá ag cur fúthu san Aontas, agus leis sin tá deiseanna nua ag teacht chun cinn do theaghlaigh óga, do ghnólachtaí agus do phobail tuaithe. Ní hamháin go ndéanann nuálaíochtaí sa talmhaíocht inbhuanaithe maitheas do shláinte daoine agus don aeráid, déanann siad maitheas do shlándáil bia na hEorpa.

Ceantair thuaithe na hEorpa:
ról gníomhach in aistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais
30%
an céatadán de dhaonra an Aontais (137 milliún duine) atá ina gcónaí i gceantair thuaithe
80%
an céatadán de chríoch an Aontais atá faoin tuath

An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún chun tacú le ceantair thuaithe

  1. Meitheamh 2021
    Seoladh an fhís fhadtéarmach

    Leagtar amach an bealach i dtreo ceantair thuaithe atá láidir, nasctha agus rathúil.

  2. Nollaig 2021
    Comhshocrú um an Tuath

    Oibreofar i gcomhar le muintir na bpobal tuaithe. Cuideoidh plean gníomhaíochta tuaithe comhchruthaithe chun an fhís fhadtéarmach a chur i gcrích.

  3. Meitheamh 2022
    Pleananna téarnaimh agus athléimneachta

    25 phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta glactha chun tacú le ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta le maoiniú de thart ar € 14.6 billiún, infheistíocht agus athchóirithe d’athbhunú an dúlra, do naisc idirlín ardluais agus d’iarnróid áitiúla san áireamh.

Imirce – an bealach chun tosaigh

Dul chun cinn maidir le himirce agus tearmann

  1. Meán Fómhair 2020
    Comhaontú nua maidir le hImirce agus Tearmann

    Sa chomhshocrú nua tugtar bainistiú teorainneacha atá láidir agus cothrom le chéile le rialacha éifeachtúla daonnúla maidir le tearmann agus imirce.

  2. Meitheamh 2021
    Straitéis nua Schengen

    Chuir an Coimisiún i láthair straitéis nua ar mhaithe leis an limistéar Schengen a neartú chun a chinntiú go ndéanfar teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach, chun comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach a mhéadú, chun feabhas a chur ar an ullmhacht agus an rialachas, agus chun méadú limistéar Schengen a chur i gcrích.

  3. Eanáir 2022
    Tús curtha ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann lena hoibríochtaí

    Chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tús lena cuid oibre ag tacú leis na Ballstáit an pacáiste de dhlíthe an Aontais a chur chun feidhme, ar pacáiste é lena rialaítear an tearmann, an chosaint idirnáisiúnta agus dálaí glactha, ar a dtugtar an Comhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS).

An Óige

An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún chun an óige a spreagadh

  • sheol an Coimisiún tionscnamh nua ar a dtugtar ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve) [Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh] in 2022 chun cuidiú leis na daoine óga is leochailí nó na daoine óga is mó atá faoi mhíbhuntáiste rochtain a fháil ar an margadh saothair
  • is éard atá sa Ráthaíocht don Aos Óg a seoladh in 2020, gealltanas ó gach Ballstát a chinntiú go bhfaighidh gach duine faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachais leanúnaigh, printíseachta nó cúrsa oiliúna laistigh de 4 mhí tar éis a dhífhostaithe nó tar éis an t-oideachas a fhágáil

Tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh

Tá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar an bhfód le 10 mbliana, agus is deis ar leith atá ann do dhaoine iarraidh ar an gCoimisiún dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún conas beart a dhéanamh. Ó lár mhí Mheán Fómhair 2021 tá 10 dtionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún, lena n-iarrtar gníomh ón Aontas i réimsí éagsúla, idir dhálaí oibre níos fearr in earnáil an éadaigh agus cháin ar earraí glasa agus chearta breise d’ainmhithe. Ina theannta sin, bailíodh níos mó ná 1 mhilliún síniú le 3 thionscnamh eile, ar gá do na húdaráis náisiúnta iad a fhíorú:  

  • Cuir deireadh le Teascadh Eití – Cuir deireadh leis an trádáil
  • Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin
  • Sábháil cosmaidí neamhchruálacha – Tabhair gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe
10 mbliana
de thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh
10
thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ó lár mhí Mheán Fómhair 2021
3
thionscnamh a bhailigh níos mó na milliún síniú ó shaoránaigh ó lár mhí Mheán Fómhair 2021

Rannpháirtíocht níos mó i measc an phobail i gceapadh beartais

Conas atá an Coimisiún á dhéanamh sin?

  • is féidir leis an bpobal agus leis na páirtithe leasmhara ionchur a chur ar fáil tríd an tairseach ‘Cloisimis Uait’ ó thús deireadh an phróisis ceaptha beartais
  • i mí na Samhna 2021, chun an próiseas comhairliúcháin a shimpliú tuilleadh, thug an Coimisiún isteach glaonna aonair ar fhianaise, cur chuige lenar tugadh le chéile dhá chéim a bhí ann roimhe sin
  • d’éirigh sé níos fusa do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar na comhairliúcháin
  • moltar do phobal an taighde eolaíochta taighde eolaíoch ábhartha ó thús na gcomhairliúchán a chur isteach

Torthaí na for-rochtana rannpháirtíochta maidir le ceapadh beartais

5,000
an líon deiseanna aiseolais a foilsíodh
3 mhilliún
an líon moltaí a fuarthas
600,000
an líon aighneacht i leith breis agus 800 tionscnamh beartais ó aitheasc 2021 ar Staid an Aontais Eorpaigh

Todhchaí na hEorpa á múnlú ag saoránaigh

Thug an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa deis do shaoránaigh as gach cúlra tionchar níos mó a bheith acu ar an méid ba cheart don Aontas a dhéanamh sa todhchaí.

Torthaí na Comhdhála

49
dtogra
326
bheart nithiúla
6,500 +
an líon imeachtaí a eagraíodh

An chéad chéim eile?

Leag an Coimisiún amach 4 shruth oibre chun freagairt ar thograí na comhdhála. Fógrófar an chéad sraith de thograí nua in aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022. Beidh na tograí sin i measc na gcinn atá le cur san áireamh i gClár Oibre 2023 an Choimisiúin. Chun na saoránaigh a ghlac páirt sa chomhdháil a choimeád ar an eolas agus chun an móiminteam a choinneáil, eagrófar ócáid aischothaithe maidir leis an gcomhdháil i bhfómhar na bliana 2022.

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022

Dul chun cinn i réimsí eile

SOTEU 2022 banner
An méid a baineadh amach

le linn Choimisiún von der Leyen