Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
yellow circles on a green background
Deacáid dhigiteach na hEorpa a chur chun cinn

An tAontas Eorpach: an ceannródaí ar an mbealach i dtreo domhan digiteach atá sábháilte iontaofa

Cur chuige ceannródaíoch domhanda an Aontais

€250 billiún
ón gclár NextGenerationEU chun borradh a chur faoin digitiú
€127 mbilliún
ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dírithe ar an réimse digiteach
ar a laghad 80%
an céatadán de dhaonra an Aontais a mbeidh bunscileanna digiteacha acu faoi 2030

An intleacht shaorga a rialáil agus sonraí a chosaint

I bhFómhar 2021, tháinig an Coimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, ar chomhaontú maidir leis an nGníomh um Rialachas Sonraí, gníomh a mhéadaíonn an iontaoibh atá ag daoine as comhroinnt sonraí. Comhlánaíodh é i mí Feabhra 2022 le togra le haghaidh an ghnímh um shonraí, ina leagtar amach rialacha nua maidir le cé atá in ann sonraí arna nginiúint san Aontas a úsáid agus a rochtain ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile. Tá spásanna coiteanna sonraí Eorpacha á mbunú ag an gCoimisiún freisin i réimsí straitéiseacha, ina bhfuil gníomhaithe príobháideacha agus poiblí rannpháirteach. 

1 bhilliún in aghaidh na bliana

le hinfheistiú san intleacht shaorga ag an gCoimisiún Eorpach

Margadh digiteach níos láidre a thógáil

Thángthas ar chomhaontú an-tábhachtach eile i mí Aibreáin 2022 maidir leis an ngníomh um sheirbhísí digiteacha, an chéad cheann ar domhan i réimse na rialála digití. Leanann an gníomh sin an prionsabal gur gá don rud atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne chomh maith: beidh ar na hardáin an-mhór ar líne agus ar na hinnill chuardaigh a n-úsáideoirí a chosaint ar ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha. Thairis sin, beidh ar ardáin ar líne agus ar innill chuardaigh measúnú agus maolú a dhéanamh ar na díobhálacha níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena ngníomhaíochtaí agus lena n-algartaim do chearta bunúsacha, d’fholláine leanaí agus don dioscúrsa sibhialta.

Tiocfaidh an gníomh um margaí digiteacha agus an gníomh um sheirbhísí digiteacha araon i bhfeidhm i mbliana agus beidh siad infheidhme in 2023.

Ceannaireacht a thabhairt i margadh na sliseanna

Infheistiú
chun éiceachóras sliseanna Eorpach a chruthú
€43 bhilliún
in infheistíocht phoiblí
curtha ar aghaidh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun forbairt agus monarú sliseanna a chur chun cinn
€19 mbilliún
infheistithe san Aontas cheana féin
ag an monaróir sliseanna is mó de chuid na Stát Aontaithe

Na teorainneacha atá ag teacht chun cinn san aistriú digiteach: airgeadas agus spás

Idir an dá linn, cuireann clár spáis an Aontais sonraí agus seirbhísí ar fáil cheana féin do réimse leathan feidhmeanna laethúla, cuir i gcás tacaíocht a thabhairt don iompar tráchtála agus don loingseoireacht phearsanta, an talmhaíocht bheacht a chur chun cinn agus réitigh a chur ar fáil ar an athrú aeráide. I mí Feabhra 2022 mhol an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh shuaitheanta nua chun borradh a chur faoi nascacht shlán shaitilítbhunaithe agus faoi bhainistiú an spástráchta.

Comhoibriú le tríú tíortha maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach

Tá an tAontas Eorpach ag obair freisin le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis ar fud an domhain chun rialacha domhanda a mhúnlú sa réimse digiteach. Tá uasghrádú á dhéanamh againn ar an gcaidreamh digiteach le príomh-chomhpháirtithe chun na rialacha maidir leis an trádáil dhigiteach a leagan síos, agus tá sin á nascadh againn le réamh-mheastachán ár n-athchóirithe inmheánacha. Tugadh comhpháirtíocht dhigiteach i gcrích leis an tSeapáin ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin i mí na Bealtaine 2022, agus tá caibidlíocht chomhchosúil ar siúl le Singeapór agus leis an gCóiré Theas.

Taighde agus nuálaíocht a stiúradh

D’fhéadfadh sé thart ar €45 bhilliún a shlógadh ó infheisteoirí institiúideacha príobháideacha chun tacú leis an uas-scálú. Ina theannta sin, bunófar leis an gclár oibre clár chun oiliúint a chur ar 1 mhilliún duine i scileanna domhainteicneolaíochta.

Is comhpháirtíocht nua é AE-Catalyst atá dírithe ar infheistíochtaí i dtionscadail ardtionchair atá bunaithe san Aontas i dteicneolaíochtaí aeráide ríthábhachtacha (hidrigin ghlas, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, gabháil dhíreach ón aer agus stóráil fuinnimh fhadtréimhseach) a spreagadh agus a uas-scálú, agus leis sin tá iarrachtaí á neartú ag an gCoimisiún chun ceannródaíocht a dhéanamh i dtionscadail teicneolaíochta glaise. Seoladh an chomhpháirtíocht ag COP26, agus d’fhéadfadh sé suas le €840 milliún a shlógadh faoi 2026.

icon with a robot and an arrow

164 ghnólacht nuathionscanta agus FBM nuálacha

roghnaithe ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach chun maoiniú €990 milliún a fháil le haghaidh nuálaíochtaí ceannródaíocha

Séanadh: Rinneadh na sonraí ar an leathanach seo a nuashonrú go deireanach an 31 Lúnasa 2022

Dul chun cinn i réimsí eile

State of the Union banner
An méid a baineadh amach

le linn Choimisiún von der Leyen